Má tá breis eolais faoi chéimeanna ealaíon nó cúrsaí iarchéime in Éirinn uait d’fhéadfá féachaint ar an láithreán gréasáin Qualifax www.qualifax.ie Is bunachar náisiúnta sonraí é seo maidir le cúrsaí oideachais tríú leibhéil agus cúrsaí breisoideachais. Is éard atá i Qualifax ná ionad amháin inar féidir le treoirchomhairleoirí agus mic léinn gach faisnéis a fháil faoi chúrsaí. Lena chois sin b’fhéidir gur mhaith leat féachaint ar an láithreán gréasáin um roghanna gairme atá ag FÁS www.careerdirections.ie chun faisnéis a fháil faoi bheith i d’ealaíontóir.
Tá naisc le fáil i Qualifax www.qualifax.ie (an bunachar sonraí le haghaidh cúrsaí tríú leibhéil agus breisoideachais) le coláistí agus láithreáin gréasáin oideachais nó oiliúna in Éirinn agus thar lear. Is éard atá i Qualifax ná ionad amháin; inar féidir le treoirchomhairleoirí agus mic léinn gach faisnéis a fháil faoi chúrsaí. Féadfaidh tú gach eolas a fháil ansin faoi chúrsaí tráthnóna agus chúrsaí gearrthéarma ar nós cúrsaí ullmhaithe cumhdaigh.
Fógraítear folúntais go poiblí de réir mar a tharlaíonn siad agus foilsítear iad ar ár láithreán gréasáin sa chuid Maidir linne.
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon nuachtlitir míosúil html freisin ina mbíonn nuacht agus an scéal is déanaí faoi dheontais, dámhachtainí, imeachtaí agus postanna i bpobal na n-ealaíon. Is féidir clárú chun an Nuachtlitir a fháil anseo.
Glacaimid. Bheadh áthas orainn iarratais ar intéireachtaí nó taithí oibre a mheasúnú. Níl aon chlár taithí oibre á reáchtáil againn faoi láthair.