Tá. Téigh ar líne chuig leabharlann na bhfoilseachán chun liosta iomlán a fháil d’fhoilseacháin na Comhairle Ealaíon.
Ní chuireann an Chomhairle Ealaíon an cineál seirbhíse atá uait ar fáil, faraor. D’fhéadfá ceist a chur ar leabharlannaí na hinstitiúide nó na heagraíochta a bhfuil baint agat léi.
Féadfaidh tú liosta de shonraí teagmhála leabharlanna na hÉireann a rochtain ag Library.ie. Láithreán tairsí é seo do leabharlanna na hÉireann. Is í an ghníomhaireacht stáit um leabharlanna poiblí agus chomhoibriú leabharlanna, An Chomhairle Leabharlanna, a bhainistíonn an láithreán. Tá sé d’aidhm ag Library.ie gurb é sin an chéad áit a rachaidh tú ar líne chun faisnéis a fháil faoi leabharlanna in Éirinn, idir phoiblí agus acadúil.
Foilsíonn an Chomhairle Ealaíon réimse leathan ábhar, lena n-áirítear tuarascálacha bliantúla agus doiciméid taighde agus bheartais. Is féidir mórchuid d’fhoilseachán na Comhairle Ealaíon a íoslódáil saor in aisce ón Leabharlann Foilseachán ar líne. Mar mhalairt ar sin féadfaidh tú cóip d’fhoilseachán na Comhairle Ealaíon a iarraidh ó Dheasc Fáiltithe na Comhairle. Cuir glao teileafóin ar 01 6180200 agus tabhair teideal an tsaothair atá uait agus do shonraí teagmhála.