Ní féidir. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig Cultúr Éireann, an comhlacht náisiúnta a chuireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Faigh amach níos mó faoi Chultúr Éireann agus deiseanna maoinithe anseo.
Tig leat go deimhin. Má chuireann tú ríomhphost chuig evelyn.okeeffe@artscouncil.ie, seolfaimid cóip de do mheasúnú chugat.
Gabhann treoirlínte dá cuid féin le gach dámhachtain agus scéim. I gcáipéis na dtreoirlínte i ngach cás, leagtar amach an próiseas chun measúnú agus breithniú a dhéanamh ar na hiarratais faoi Rannán 3, ‘Próiseáil agus measúnú na n-iarratas’. Molaimid duit féachaint ar Ráiteas Straitéiseach na Comhairle Ealaíon le haghaidh faisnéis ghinearálta faoi mhisean agus straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh
Níl iarratasóirí nach n-éireoidh leo incháilithe chun iarratas a dhéanamh ar dhámhachtain eile de chuid na Comhairle Ealaíon le tabhairt faoin ngníomhaíocht chéanna. Más dóigh leis an gComhairle Ealaíon go mbeadh an ghníomhaíocht atá beartaithe níos feiliúnaí do chlár dámhachtana eile is féidir eisceacht a dhéanamh. I gcás dá leithéid, cuirfear é sin in iúl duit i scríbhinn.
Is féidir úsáid a bhaint as an Dámhachtain Lúfaireachta agus as na Sparánachtaí aonair go léir d’fhoirm ealaíne le haghaidh tionscnaimh ealaíne idirnáisiúnta, amhail oiliúint thar lear le haghaidh ceardlainne nó máistir-rang. Is féidir tuilleadh eolais faoi na cistí seo a fháil anseo.