Ní féidir. Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Cultúr Éireann, an comhlacht náisiúnta chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain. Faigh amach níos mó faoi Chultúr Éireann agus deiseanna maoinithe anseo: http://www.cultureireland.ie/funding
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le filíocht, ficsean, ficsean gearr, scríbhneoireacht chriticiúil, neamhfhicsean cruthaitheach, litríocht do leanaí, leabhair phictiúr mhaisithe agus úrscéalta grafacha. Tacaímid le drámaíocht freisin, ach ba cheart do dhrámadóirí iarratas a dhéanamh faoi téatar.
Tacaímid le scríbhneoireacht i mBéarla agus i nGaeilge.
D’fhéadfadh sé gur mhaith leat cur isteach ar Dhámhachtain Sparánachta Litríochta.
Tá sé i gceist go gclúdódh an sparánacht gnáth-thiomantais airgeadais scríbhneora chomh fada is a oibríonn sé nó sí chun tionscadal liteartha áirithe a chríochnú. Déanann scríbhneoirí iarratas ar sparánachtaí chun iad féin a shaoradh ó chostais morgáistí, cíosa, cúraim leanaí nó costais mhaireachtála eile, nó chun chur ar a gcumas briseadh a thógáil óna ngnáthobair chun díriú ar phíosa scríbhneoireachta.
Tá liosta sonraí le fáil anseo.
Ní thacaíonn an Chomhairle Ealaíon le féinfhoilsiú, ach cuireann sí tacaíocht maoinithe ar fáil do roinnt irisí agus foilsitheoirí liteartha ar fud na tíre. Déanaimid é sin lena chinntiú go dtéann maoiniú na Comhairle Ealaíon i dtreo saothair a bheidh á bhfoilsiú, á scaipeadh agus á margú ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ag foilsitheoirí gairmiúla a bhfuil eolas acu ar na saincheisteanna agus na meicníochtaí atá i gceist.
Chuir an Chomhairle Ealaíon tacaíocht ar fáil do 24 foilsitheoir agus iris trína chláir mhaoinithe in 2014. Is féidir leat liosta díobh a íoslódáil anseo:
Is foilsitheoir fadbhunaithe mé. Ní fhaigheann ár gcuideachta maoiniú ón gComhairle Ealaíon ach níl dóthain airgead inár mbuiséad againn chun leabhar liteartha an-tábhachtach a fhoilsiú. An féidir leis an gComhairle Ealaíon cabhrú linn?
D’fhéadfadh sibh smaoineamh ar chur isteach ar an Scéim Foilseachán/Title by Title.
Tá an scéim deartha chun tacú le táirgeadh leabhar agus foilseachán liteartha ardchaighdeáin agus lena gcur chun cinn agus lena scaipeadh ar lucht féachana forleathan.
Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin scéim anseo.