Is ea. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach nó go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla atá i mbun cleachtaidh.
Tig leat iarratas a chur isteach ar an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna don Damhsa. Tá sé de chuspóir na Dámhachtana sin cur ar chumas na ndamhsóirí, i seánra ar bith, taisteal thar lear chun a gcleachtas ealaíon a fhorbairt trí dheiseanna oiliúna aonuaire. Tá sonraí faoin Dámhachtain ar fáil anseo
http://www.artscouncil.ie/Funds/Travel-and-Training-award/
Gabhann treoirlínte dá cuid féin le gach dámhachtain agus scéim. I gcáipéis na dtreoirlínte i ngach cás, leagtar amach an próiseas chun measúnú agus breithniú a dhéanamh ar na hiarratais faoi Rannán 3, ‘Próiseáil agus measúnú na n-iarratas’. Molaimid duit féachaint ar (nasc chuig Ráiteas Straitéiseach na Comhairle Ealaíon) le haghaidh faisnéis ghinearálta faoi mhisean agus faoi straitéis iomlán na Comhairle Ealaíon.
http://www.artscouncil.ie/uploadedFiles/Developing-the-arts-strategic-statement-2013-english.pdf
Tig leat iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain do Thionscadal Damhsa. Is é cuspóir na dámhachtana sin tacaíocht a thabhairt do thionscnaimh neamhspleácha uaillmhianacha ardchaighdeáin a dhéanann cur i láthair do lucht féachana nó do phobal go sonrach, nó a théann i mbun rannpháirtíochta leo. Tig leat níos mó eolais a fháil faoi sin anseo http://www.artscouncil.ie/Funds/Dance-project-award/
Tig leat an Scéim Chónaitheachta d’Ealaíontóirí Damhsa a fhiosrú. Is é is cuspóir leis an dámhachtain sin cobhsú a dhéanamh ar ghréasán d’ealaíontóirí cónaitheacha damhsa ar fud na tíre agus tacaíocht a thabhairt dóibh. Tá an scéim dírithe go sonrach ar ealaíontóirí damhsa ag obair i gcomhpháirt le hionad agus le húdarás áitiúil. Tig leat níos mó eolais a fháil faoi sin anseo (nasc chuig DARS)
http://www.artscouncil.ie/Funds/Dance-artist-residency-scheme/