Tá ról ar leith ag an gComhairle Ealaíon maidir le scannáin agus tá páirt lárnach aici i soláthar bonneagair náisiúnta do chultúr na scannán in Éirinn. Dírímid ar thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí scannáin agus ar an bhforáil do lucht féachana agus ar fhorbairt lucht féachana don chineama cultúrtha.
Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do Access Cinema mar an eagraíocht acmhainne le haghaidh taispeáint cineama chultúrtha réigiúnaigh in Éirinn. Is é an phríomhobair a dhéanann sé ná scannáin ar DCP, ar 35mm agus ar DVD a chur in áirithe agus a sheoladh chun bealaigh thar cheann na mballghrúpaí. Is féidir le baill a bheith ina n-ionaid ealaíon ghairmiúla nó ina gcumainn scannán dheonacha agus faightear iad in go leor cineálacha ionaid, idir bheag agus mhór, ar fud na tíre.
Forálann an Chomhairle Ealaíon do lucht féachana agus forbraíonn sí lucht féachana don chineama cultúrtha ar bhonn náisiúnta trí réimse eagraíochtaí scannánaíochta a mhaoiniú:
- Tacaíonn maoiniú Institiúid Scannán na hÉireann lena cláir thaispeántais, chaomhantais agus oideachais a chuirtear ar fáil do lucht féachana de gach aois agus cúlra ar fud na tíre: óna pictiúrlanna i mBaile Átha Cliath ina mbíonn séasúir, féilte agus imeachtaí speisialta, a cláir scoile, a taispeántais ar scannáin chartlainne agus a tionscnaimh forbartha pictiúrlainne ar fud na tíre.
- Maoiniú leis an AEMI, eagraíocht acmhainne d’ealaíontóirí íomhá gluaistí a thacaíonn agus a thaispeánann saothar ealaíontóirí scannáin na hÉireann trí thaispeántais scannáin agus cláir chamchuairte.
- Tugaimid tacaíocht freisin d’Fhéile Scannán Chorcaí, d’Fhéile Scannán Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath agus do Fhleadh Scannán na Gaillimhe chun cláir chineama chultúrtha ar ardchaighdeán a sholáthar don lucht féachana ina réigiúin féin. Sa mhullach air sin, tugaimid tacaíocht do Access Cinema a oibríonn chun a chláir phictiúrlainne a thabhairt go beagnach 80 baile agus sráidbhaile ar fud na tíre trína ghréasán ionad agus cumainn scannán. Is trí obair na n-eagraíochtaí tábhachtacha sin a thugtar teacht do lucht féachana ar fud na hÉireann ar raon éagsúil cineama agus a thugtar deiseanna dóibh páirt chriticiúil a ghlacadh i gcultúr na scannán agus sa scannánaíocht mar fhoirm ealaíne.
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon go díreach le healaíontóirí scannáin trí scéimeanna agus dámhachtainí scannáin. Déantar ár ndámhachtainí a dhearadh chun deis a thabhairt d’ealaíontóirí saothar turgnamhach a chruthú, agus tá ár scéimeanna scannáin ann chun saothar sárchruthaitheach a dhéanamh i gcomhair craoladh speisialaithe nó i gcomhair taispeána ag féilte.
Dámhachtainí agus scéimeanna na Comhairle Ealaíon i gcúrsaí scannán:
Tabhair faoi deara nach gcuireann an Chomhairle Ealaíon maoiniú críochnaithe ar fáil.
B'fhéidir gur mhaith leat cur isteach ar an
Dámhachtain do Thionscadal Scannáin (Snáithe 1, Léiriú Scannán).
Is é cuspóir na Dámhachtana sin tacú le scannánaíocht uaillmhianach ardchaighdeáin atá turgnamhach agus cruthaitheach. Ba cheart an obair a dhéanamh i bhfoirm scannáin agus é d'aidhm aige dul i ngleic le lucht féachana agus dúshlán a thabhairt dóibh. Ba cheart é a dhéanamh le taispeáint i bpictiúrlanna ar an gcéad dul síos, cé go bhféadfadh sé go mbeadh sé á thaispeáint i gcomhthéacsanna eile agus ar mheáin dhigiteacha ina dhiaidh sin.
Ní chuireann an Chomhairle Ealaíon maoiniú críochnaithe ar fáil.
Díríonn an Dámhachtain Sparánachta Scannáin ar an luach agus an tairbhe a bhaineann ealaíontóirí as tréimhse fhadaithe i mbun cleachtaidh. Tugann an Dámhachtain am agus acmhainní do na healaíontóirí chun smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic lena gcleachtas ealaíon. Ní thacaíonn an Dámhachtain Sparánachta le tograí léiriúcháin.
Is é cuspóir na Dámhachtana do Thionscadal Scannáin áfach, tacú le scannánaíocht uaillmhianach ardchaighdeáin atá turgnamhach agus cruthaitheach. Ba cheart don obair a bheith déanta i bhfoirm scannáin leis an aidhm dul i ngleic le lucht féachana agus dúshlán a thabhairt dóibh. Ba cheart é a bheith déanta le taispeáint i bpictiúrlanna ar an gcéad dul síos, cé go bhféadfadh sé go mbeadh sé á thaispeáint i gcomhthéacsanna eile agus ar mheáin digiteacha ina dhiaidh sin.
Ní chuireann an Chomhairle Ealaíon maoiniú ar fáil le freastal ar fhéilte scannán thar lear. Tacaíonn Cultúr Éireann le healaíontóirí agus le cuideachtaí Éireannacha a gcuid saothar a chur i láthair agus a chur chun cinn ag féilte agus in ionaid idirnáisiúnta straitéiseacha. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ó www.cultureireland.ie
.
Tugann an Chomhairle
Ealaíon tacaíocht don ealaíontóir scannáin trí mhaoiniú ar réimse eagraíochtaí,
lena n-áirítear féilte agus eagraíochtaí acmhainne scannán.
Eagraíocht acmhainne is ea an AEMI d’ealaíontóirí íomhá gluaistí
a thacaíonn agus a thaispeánann saothar ealaíontóirí scannáin na hÉireann trí
thaispeántais scannáin agus cláir chamchuairte. http://aemi.ie/
Eagraíocht
neamhbhrabúis is ea Ionad Scannán na Gaillimhe atá tiomnaithe d’fhorbairt na
scannán mar mheán ealaíne in Iarthar na hÉireann. Tacaíonn sé le scannánóirí
trí oideachas agus oiliúint, soláthar trealaimh agus faisnéis. Is féidir leat
tuilleadh a léamh faoi anseo: www.galwayfilmcentre.ie.
Tugann an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do
Access Cinema
mar an eagraíocht acmhainne le haghaidh taispeáint cineama chultúrtha réigiúnaigh in Éirinn. Is é an phríomhobair a dhéanann sé ná scannáin ar DCP, ar 35mm agus ar DVD a chur in áirithe agus a sheoladh chun bealaigh thar cheann na mballghrúpaí. Is féidir le baill a bheith ina n-ionaid ealaíon ghairmiúla nó ina gcumainn scannán dheonacha agus faightear iad in go leor cineálacha ionaid, idir bheag agus mhór, ar fud na tíre.
Tacaíonn clár an AE, an Eoraip Chruthaitheach, leis an earnáil chlosamhairc agus ilmheáin trí fhochlár na Meán. Má bhíonn tuilleadh faisnéise uait, téigh i dteagmháil le hOifig Meán Dheasc na hEorpa Cruthaithí: www.mediadeskireland.ie