Mar
iarratasóir féideartha ar mhaoiniú Sorcais, ba cheart duit smaoineamh ar
aidhmeanna do thogra agus na gníomhaíochtaí a bhfuil maoiniú á lorg agat chun
tacú leo. Tá roinnt dámhachtainí maoinithe Sorcais ar fáil, agus tá gach ceann
acu dírithe ar réimse ar leith de ghníomhaíocht Sorcais. Maidir le gach babhta
dámhachtana a thairgtear, foilsítear sraith ‘Treoirlínte’ ar shuíomh gréasáin
na Comhairle Ealaíon. Tá na gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm ag gach
dámhachtain mhaoinithe tacú leo leagtha amach sna treoirlínte dámhachtana
comhfhreagracha, faoin rannán ar chuspóirí/cuspóir agus tosaíochtaí
dámhachtana. Ba cheart an mhír seo a léamh agus tú ag smaoineamh ar an
dámhachtain mhaoinithe is oiriúnaí do na gníomhaíochtaí ar mian leat tabhairt
fúthu, agus sula ndéanfaidh tú d'iarratas.
Go hiondúil, tacaíonn an Sorcas le cleachtais
chlasaiceacha agus cleachtais chomhaimseartha sorcais araon, lena n‑áirítear
(ach gan bheith teoranta dóibh) taispeántais aerga, cleasghleacaíocht, cothromú
ar na lámha, téadchleasaíocht (sreang rite), ionramháil rudaí, bobaideacht, draíodóireacht, puipéadóireacht agus go leor
eile nach iad.
Is féidir teacht ar
eolas a bhaineann go sonrach le cleachtais a dtacaítear leo faoinár mbeartas anseo.
Déan teagmháil linn ag csas@artscouncil.ie
má bhíonn deimhniú ag teastáil uait maidir le cleachtas faoi leith.
Mar
ealaíontóir gairmiúil luathchéime is féidir leat smaoineamh ar iarratas a
dhéanamh ar an Dámhachtain Lúfaireachta nó ar an Dámhachtain Sparánachta. Tá sé
mar aidhm ag an Dámhachtain Lúfaireachta tacú le saorealaíontóirí gairmiúla
agus le hoibrithe ealaíon ag céim ar bith dá ngairmréim chun a gcleachtas, a
gcuid oibre nó a gcuid scileanna a fhorbairt. Is é an aidhm atá leis an
Dámhachtain Sparánachta tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí gairmiúla ag céim
ar bith dá ngairmréim, agus am agus acmhainní a thabhairt dóibh chun
smaoineamh, taighde agus machnamh a dhéanamh agus chun dul i ngleic go
criticiúil lena saothar.
Tig leat
iarratas a dhéanamh ar an Dámhachtain do Thionscadal Sorcais. Is é
príomhchuspóir na dámhachtana seo tacú le tionscnaimh uaillmhianacha aonuaire,
ar ardchaighdeán, á chuireann saothar nó léiriú i láthair lucht éisteachta/féachana
nó pobal, nó a théann i ngleic leo. Is féidir leat tuilleadh eolais a fháil
amach faoi seo sa rannán maoiniú ar fáil.
Is ea. Cé nach gá go dtuilleann siad ioncam go leanúnach nó go heisiach óna gcleachtas ealaíon, ní mór do na hiarratasóirí iad féin a aithint agus a bheith aitheanta ag a bpiaraí mar ealaíontóirí gairmiúla atá i mbun cleachtaidh.
Is dámhachtain
tacaíochta d’ealaíontóirí aonair í an Dámhachtain Sparánachta Sorcais a dearadh
chun cleachtadh ealaíontóirí a fhorbairt gan aon ghá le cur i láthair a
dhéanamh os comhair lucht féachana. Dearadh an Dámhachtain do Thionscadal
Sorcais chun tacú le cruthú tionscadal nua atá go háirithe le léiriú os comhair
lucht féachana Éireannach.
Le haghaidh sonraí
breise, féach ar threoirlínte gach dámhachtana, atá ar fáil ar ár leathanach
faoin maoiniú atá ar fáil anseo.
An botún
is coitianta a dhéantar gan go leor ama a thabhairt duit féin chun na
treoirlínte a léamh agus chun ullmhúchán a dhéanamh ar an méid is gá chun go
n-éireoidh leis an iarratas.
Ar na
botúin choitianta eile, tá (más ábhartha i dtaca le gach dámhachtain):
- Gan na treoirlínte a léamh go cúramach;
- A bheith déanach don spriocdháta;
- Gan aon ábhar tacaíochta a bheith leis
nó ábhar tacaíochta a bheith ar iarraidh;
- Gan aon teimpléad buiséid (má bhíonn gá
leis);
- Gan aon litreacha tacaíochta nó MOUnna
(Meabhrán Tuisceana) (má bhíonn gá leo);
- Gan a dhóthain fianaise ar thacaíocht
airgeadais ó fhoinsí eile (má bhíonn gá léi);
- Gan a dhóthain fianaise ar chomhoibrithe
nó ar chomhpháirtithe (má bhíonn gá leo);
- Easpa sonraí soiléire faoi cad atá
beartaithe agus faoi conas a bhainfear amach é.
Clúdaíonn costais
rochtana aon riachtanais a d’fhéadfadh a bheith ag ealaíontóirí nó
rannpháirtithe faoi mhíchumas, ionas go mbaintear aon chonstaic a d’fhéadfadh
cosc a chur ort do thogra a chríochnú. D’fhéadfadh costais i gcomhair am breise
atá ag teastáil chun gné do thogra a chríochnú nó cúnamh sa bhreis chun do
ghníomhaíocht mholta a sholáthar a bheith san áireamh, mar shampla. Tabhair
faoi deara: sa chás go bhfuil costais rochtana á n-iarraidh agat, ba cheart
duit eolas a chur san áireamh faoi na costais chéanna agus an chaoi ar tháinig
tú orthu mar chuid de do cháipéisíocht tacaíochta.
Déan teagmháil, le do
thoil, lenár nOifigeach Rochtana, Vanessa Carswell, ag access@artscouncil.ie
le haghaidh tuilleadh eolais maidir le costais rochtana.
Ní
féidir. Féadfaidh tú iarratas a dhéanamh chuig Cultúr Éireann, an comhlacht
náisiúnta a chuireann ealaíona na hÉireann chun cinn ar fud an domhain. Faigh
amach níos mó faoi Chultúr Éireann agus deiseanna maoinithe anseo: http://www.cultureireland.gov.ie/
Le bheith
i dteideal iarratas a dhéanamh, ní mór d’iarratasóirí a bheith ina gcónaí i
bPoblacht na hÉireann. Bíonn cásanna eisceachtúla ann nuair a ghlacann an
Chomhairle Ealaíon le hiarratais incháilithe ó dhaoine nach cónaitheoirí de
chuid Phoblacht na hÉireann iad. Sula n-admhódh an Chomhairle Ealaíon go bhfuil
iarratais den sórt sin incháilithe, áfach, bheadh ar an iarratasóir a shonrú go
soiléir san iarratas an chaoi a gcuirfeadh torthaí togra den sórt sin leis na
healaíona i bPoblacht na hÉireann, agus chaithfeadh an Chomhairle Ealaíon a
bheith sásta leis sin freisin.
Má éiríonn
leis an iarratas beidh gá le huimhir PSP chun an íocaíocht a thionscnamh. Má tá
tú ag fanacht le huimhir PSP a fháil agus má tá ARN ag teastáil uait, táimid in
ann iarratasóirí a chlárú de láimh le haghaidh cuntais OLS le go mbeidh siad in
ann iarratas a dhéanamh. Déan teagmháil linn ag csas@artscouncil.ie le haghaidh tuilleadh
eolais faoi seo.
Is féidir
Cé go bhfuil an Dámhachtain Taistil agus Oiliúna curtha ar sos faoi láthair, is
féidir le healaíontóirí, coimeádaithe agus cleachtóirí ealaíon iarratas a
dhéanamh ar an Dámhachtain Lúfaireachta nó ar an Dámhachtain Sparánachta. Tá an
dámhachtain seo oscailte d'iarratais atá beartaithe go sonrach chun cleachtas,
scileanna nó saothar a fhorbairt. Áirítear leis sin deiseanna forbartha thar
lear agus costais a bhaineann le taisteal idirnáisiúnta chun cleachtas,
scileanna nó obair ealaíonta a fhorbairt. Mar sin féin, tabhair faoi deara, le
do thoil, feidhm Chultúr Éireann ina
thaobh seo freisin.
Déan
tagairt arís do na treoirlínte le do thoil chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil
na gníomhaíochtaí atá beartaithe agat incháilithe.
Gabhann
treoirlínte dá gcuid féin le gach dámhachtain agus scéim agus leagann siad
amach an próiseas le measúnú agus moltóireacht a dhéanamh ar iarratais. Le
haghaidh mionsonraí i dtaobh gach dámhachtana, agus chun tuilleadh eolais a
fháil amach faoi chuspóirí agus tosaíochtaí gach dámhachtana, féach ar an
gcáipéis treoirlínte, le do thoil.
Bíonn cuid dár
ndámhachtainí á measúnú ag painéal piaraí, a dhéanann athbhreithniú ar na
hiarratais go léir ar an ngearrliosta agus ar an ábhar gaolmhar, ansin tugann
sé scóir agus déanann sé na cinntí. Is é cuspóir chruinnithe an phainéil piaraí
ná éagsúlacht tuairimí saineolacha a cheadú chun faisnéis a chur ar fáil don
phróiseas cinnteoireachta. De ghnáth cuimsíonn painéil piaraí triúr moltóirí
seachtracha ar a laghad a bhfuil saineolas ábhartha acu ar an bhfoirm ealaíne
agus/nó ar an gcleachtas ealaíon ábhartha. Bíonn comhalta de chuid na Comhairle
Ealaíon i gceannas ar gach cruinniú de ghnáth agus gníomhaíonn an comhalta sin
mar chathaoirleach gan ceart vótála. Freastalaíonn comhairleoirí agus foireann
na Comhairle Ealaíon ar na cruinnithe de réir mar is gá, agus bíonn na daoine a
raibh baint acu le measúnú tosaigh na n-iarratas ar fáil chun faisnéis a
sholáthar, de réir mar is gá. Beidh rochtain ag lucht an phainéil ar gach
iarratas ar an ngearrliosta agus ar an ábhar gaolmhar go léir lá roimh an
gcruinniú, tráth a ndéanann siad na hiarratais ar an ngearrliosta a
athbhreithniú, a phlé agus a scóráil. Ina dhiaidh sin, déantar iarratais a
rangú de réir scóir. Mar thoradh ar an gcomhthéacs iomaíoch agus ar an mbuiséad
atá ar fáil, is dóigh nach mbeidh an Chomhairle Ealaíon in ann a mhaoiniú ach
líon beag de na hiarratais a gheofar.
Tugann painéal piaraí
scóir do na hiarratais ar an ngearrliosta do Dhámhachtainí Sparánachta agus
Tionscadail agus déanann sé cinntí fúthu. Iarrtar ar an bpainéal na hiarratais
a scóráil, agus scór a thabhairt dóibh. Déantar na scóir a shuimiú agus déantar
maoiniú a thairiscint do na hiarratais a fhaigheann an scór is airde, go dtí go
mbíonn an buiséad atá ar fáil leithdháilte ina iomláine.
D’fhonn cothroime agus
cothromas sa chinnteoireacht a chinntiú, ní mór do chomhaltaí painéil leas a
dhearbhú má tá dlúthcheangal pearsanta nó gairmiúil acu le hiarratasóir nó má
tá baint acu ar shlí ar bith leis an iarratas. Ní mór an leas a dhearbhú a
luaithe agus is eol don chomhalta painéil é a bheith ann. D’fhéadfadh sé sin
tarlú nuair a iarrtar air/uirthi suí ar an bpainéal (más eol an ‘leas’ ag an
bpointe sin) nó tar éis liosta na n-iarrthóirí a fháil. I gcás go ndearbhaítear
leas, ní bhfaighidh an comhalta painéil sin páipéir a bhaineann leis an
iarratasóir sin agus beidh air nó uirthi an seomra a fhágáil nuair a bhíonn an
t-iarratas ar leith á athbhreithniú. Le haghaidh tuilleadh eolais faoin Dearbhú
Leasa féach ar na míreanna cuí sna treoirlínte maoinithe.
Mar
gheall ar an líon mór iarratas a fhaightear thar gach foirm ealaíne, de ghnáth tógann an
próiseas measúnaithe agus cinnteoireachta idir deich agus cúig seachtaine déag
i ndiaidh spriocdháta deiridh na dámhachtana.
Tabharfar
breac-chuntas sa litir tairisceana a gheobhaidh tú ar na céimeanna is gá a
ghlacadh chun aon mhaoiniú a thairgfear a tharraingt anuas. Más ag déanamh
iarratais mar dhuine, mar chuideachta nó mar chomhpháirtíocht atá tú, beidh
Deimhniú Imréitigh Cánach le huimhir PSP bhailí agus
cuntas bainc in ainm an iarratasóra de dhíobháil ort. Ní féidir leis an
gComhairle Ealaíon airgead a thairgfear a íoc isteach i gcuntas duine nach
bhfuil ina (h)iarratasóir.
Den chuid
is mó, bítear ag súil, go hiondúil, go dtarraingeofar anuas an maoiniú ar fad
le haghaidh gníomhaíochtaí atá beartaithe taobh istigh de 12 mhí ó litir an
chinnidh. Déan tagairt go sonrach do na treoirlínte le haghaidh gach clár, le
do thoil.
Bronntar na dámhachtainí go léir i
dtimpeallacht iomaíoch a dhíríonn ar na critéir, agus, más ábhartha,
sainchritéir atá leagtha amach don dámhachtain. Má theipeann ar iarratasóir, ba
chóir dó/di smaoineamh ar iarratas a dhéanamh arís am éigin eile amach anseo.
Féach ar threoirlínte na dámhachtana chun tuilleadh tuisceana a fháil ar cad é
a d’fhéadfadh a bheith neamh-incháilithe.
Toisc gur ar bhonn iomaíoch a bhronntar na dámhachtainí, agus toisc go
mbíonn líon mór iarratasóirí ann, ní féidir dámhachtain a bhronnadh ar gach
iarratasóir fónta incháilithe. Fiú má tá an t-iarratasóir incháilithe agus má
chloíonn sé/sí leis na critéir mheasúnaithe, ní hionann sin is a rá go
mbronnfar dámhachtain air/uirthi.
Go
hiondúil, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a ndearna an
Chomhairle Ealaíon measúnú orthu cheana féin, mura féidir leat a léiriú go
ndearna tú an togra a fhorbairt ó chuir tú iarratas isteach an uair roimhe. Má
chuireann tú an t-iarratas ceannann céanna isteach chun go ndéanfaí measúnú
air, measfar é a bheith neamh-incháilithe. Is féidir, áfach, i gcásanna áirithe
go dtabharfaidh muid cead duit an t-iarratas céanna a chur isteach, ach ní mór
duit dul i dteagmháil leis an bhFoireann Sorcais, Sráidealaíon agus Seónna
roimh ré lena shoiléiriú má tá tú i dteideal é sin a dhéanamh.
Thig,
seol ríomhphost chuig csas@artscouncil.ie le do thoil, agus iarr
aiseolas.
Cuid de ról na Comhairle Ealaíon is ea
na healaíona a chur chun cinn, agus tá súil againn go gcuideoidh tú linn sin a
dhéanamh ar bhealach bríomhar. Is féidir leat íomhánna de do thionscadal
maoinithe a uaslódáil ag an nasc thíos agus beidh tú ag cuidiú linn seo a
bhaint amach. Sula ndéanfaidh tú sin, léigh, le do thoil, na téarmaí agus
coinníollacha a bhaineann le Taiscthí chuig an mBanc Íomhánna. Is féidir
ceisteanna ar bith faoi Thaiscthí chuig an mBanc Íomhánna a sheoladh chuig megan.mcinerney@artscouncil.ie
CUIR ÍOMHÁNNA ISTEACH ANSEO
Is breá linn cloisteáil
faoin saothar a bhíonn á léiriú ag na healaíontóirí agus ag na heagraíochtaí a
mbíonn muid ag tacú leo, mar sin, cuir muid ar an eolas nuair a bheidh saothar
á chur i láthair agat agus cén áit a mbeidh sé á chur i láthair. Cuir
ríomhphost chuig csas@artscouncil.ie
leis na sonraí, le do thoil. Má bhíonn sé indéanta is féidir go bhfreastalóidh
ár gComhairleoir nó Ceann Foirne air.
Le haghaidh faisnéis
ghinearálta faoi mhisean agus straitéis fhoriomlán na Comhairle Ealaíon,
molaimid duit féachaint ar Saothar
Ealaíne Iontach a Tháirgeadh - Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025) | An
Chomhairle Ealaíon | The Arts Council
Le haghaidh comhthéacs
níos leithne fós, seans go mbeadh ár mbeartas eile ábhartha duit fosta: