Tá comhordú déanta ag an gComhairle Ealaíon ar chlár náisiúnta ina mbeidh níos mó ná 90 tionscadal agus imeacht ealaíon comhaimseartha ar siúl ar fud na tíre. Déanfar ceiliúradh sa raon tionscnamh speisialta, arna eagrú faoi na cúig shraith thíos, ar éagsúlacht an chleachtais ealaíne a dhéanann na healaíontóirí agus na heagraíochtaí ealaíon atá lonnaithe in Éirinn i gcomhar lena gcomhghleacaithe atá lonnaithe in áiteanna eile san Eoraip.
Tá 23 tionscadal sa tsraith Local Arts Europe de Culture Connects, agus baineann siad le go leor réimsí den chleachtas ealaíne idir dhamhsa comhaimseartha, sheónna gairmiúla, ealaín fuaime agus léarscáiliú físe.
Baineann Féile Festa le healaíontóirí agus lucht féachana a nascadh le
chéile, agus tá os cionn 30 féile timpeall na hÉireann i gceist léi.
Faoin tsraith Traditional Now, tá sé cinn de thionscadail ealaíne traidisiúnta ina léirítear comhoibriú ealaíne traschultúir.
Tá na céadta ealaíontóir óg páirteach sa tsraith Daoine Óga Cruthaitheacha, idir cheoltóirí clasaiceacha, aisteoirí, stiúrthóirí, dhamhsóirí agus scannánóirí.
Comhpháirtithe na Samhlaíochta - faoi shraith dheiridh Culture Connects, cuirtear os comhair an tsaoil cuid de na heagraíochtaí ealaíon in Éirinn a bhí an-tiomanta go deo do bheith ag obair thar teorainneacha náisiúnta na hEorpa.
|
Corcaigh
21-30 Meitheamh 2013
|
The Ark Baile átha Cliath
Meitheamh
|
An Grianán Lú
30 Meitheamh 2013
|
Baile átha Cliath
Meitheamh 2013
|
Sligeach
Eanáir-Meitheamh 2013
|
Dún na nGall and Baile átha Cliath
Feabhra-Meitheamh 2013
|
Baile átha Cliath
Meitheamh 2013
|
Ar fud na tíre
Feabhra-Meitheamh 2013
|
The Button Factory Baile átha Cliath
Feabhra-Meitheamh 2013
|
Luimneach
17-29 Meitheamh 2013
|