Is éard is brí le cumhdach ná bearta a chur i bhfeidhm le cearta daonna, sláinte agus folláine daoine a chur chun cinn agus a chosaint, agus daoine a chumasú leo féin a chosaint.
Táimid tiomanta do chultúr sábháilteachta a chruthú a spreagann rannpháirteachas sna healaíona i measc gach linbh agus duine fhásta.
Creidimid gurb ionann cumhdach éifeachtach agus:
- Leas leanaí agus daoine fásta a chur chun cinn
- Bac a chur roimh dhochar trí shainaithint luath riosca agus idirghabhálacha tráthúla cuí; agus
- Leanaí agus daoine fásta a chosaint ón dochar a dhéanann drochíde agus faillí.
Teastaíonn uainn i gcónaí a chinntiú nach mbíonn leanbh nó duine fásta ar bith faoi mhíbhuntáiste ó thaobh rochtain a fháil ar agus bheith rannpháirteach sna healaíona, agus tá meas againn ar chearta gach aon duine a phléann leis an gComhairle Ealaíon,
ó thaobh bheith cosanta, meas a fháil, agus éisteacht a fháil ar a gcuid tuairimí.