Fógraíodh Patricia Forde mar an seachtú duine a ceapadh mar Laureate na nÓg – Laureate Litríochta Leanaí na hÉireann ag imeacht speisialta ag an gComhairle Ealaíon. Beidh an post ag Ford, an t-údar do leanaí a bhfuil duaiseanna bainte aici ó Ghaillimh, ó anois a fhad le 2026, í ag glacadh leis an bpost ón Laureate, Áine Ní Ghlinn, atá ag imeacht as oifig.
Scríobhann Patricia Forde do gach aoisghrúpa i nGaeilge agus i mBéarla. Foilsíodh a chéad úrscéal do léitheoirí níos sine, 'The Wordsmith', in 2014 le hardmholadh faighte aige ó léirmheastóirí. Bhain sé White Raven Award ó International Youth Library, tá sé ina Notable Book for Children ag an gCumann Leabharlann Meiriceánach sna Stáit Aontaithe, agus bhí sé ar an ngearrliosta do Ghradaim Leabhar na Bliana de chuid Leabhair Pháistí Éireann in Éirinn (Gradaim Leabhair Pháistí Éireann KPMG anois).
Tá tuilleadh eolais faoi Laureate na nÓg
ar: www.childrenslaureate.ie
Cúlra
Mar chuid den athbhreithniú meántréimhse a rinneadh in 2008 ar an gComhpháirtíocht ar son na nEalaíon, chuir an Chomhairle Ealaíon próiseas comhairliúcháin ar siúl ar mhaithe le fís, straitéis agus plean gníomhaíochta cuimsitheach le haghaidh litríocht do leanaí a fhorbairt. Mar chuid lárnach den bheartas agus straitéis a d’eascair as, bhí togra chun laureate do leanaí a chur ar bun, ról a dhéanfadh ceiliúradh ar litríocht do leanaí agus an chaoi a gcuireann sé leis an saol cultúrtha.
Bunaíodh Laureate na nÓg in 2010. Ba í Siobhán Parkinson an té ar a bronnadh onóir chéad Laureate na nÓg in Éirinn uirthi. Ó shin, bronnadh an Laureate ar sheisear eile: Niamh Sharkey, Eoin Colfer, PJ Lynch, Sarah Crossan, Áine Ní Ghlinn agus an seachtú Laureate na nÓg, Patricia Forde, mar a fógraíodh i mí na Bealtaine 2023. Cuireann gach Laureate leis an gclár ar a mbealaí féin, agus aithnítear Laureate na nÓg mar an onóir is mó is féidir a bhronnadh ar scríbhneoir nó maisitheoir do leanaí in Éirinn.
Cad é Laureate na nÓg?
Tionscnamh de chuid na Comhairle Ealaíon is ea Laureate na nÓg. Is é Leabhair Pháistí Éireann a dhéanann an tionscnamh a bhainistiú agus a sholáthar ar son na Comhairle Ealaíon agus tá tacaíocht aige ó Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann agus ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Luachanna
Creideann an Chomhairle Ealaíon:
i gceart gach linbh litríocht a fhionnadh agus sásamh a bhaint aisti
in obair uaillmhianach agus ar ardchaighdeán do leanaí agus do dhaoine óga
i ngairmeacha táirgiúla agus tairbheacha do scríbhneoirí agus do mhaisitheoirí
sa tábhacht atá ann meas agus tacaíocht a thabhairt do gach guth agus cultúr atá in Éirinn an lae inniu
Cuspóir
Trí onóir a thabhairt d’ealaíontóir a bhfuil bua na ceirde aige/aici mar aon le tiomantas iontach, déanann Laureate na nÓg litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn agus a cheiliúradh. Fágann sin gur spreagadh mór atá sa Laureate do scríbhneoirí,
do mhaisitheoirí agus do léitheoirí óga.
Aidhmeanna:
Onóir a thabhairt do scríbhneoir nó maisitheoir den litríocht do leanaí agus do dhaoine óga i nGaeilge nó i mBéarla a bhfuil bua na ceirde aige/aici
Litríocht do leanaí agus do dhaoine óga a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta
Leanaí, daoine óga agus a bpobail áitiúla a chur i dteagmháil leis an litríocht agus inspioráid a thabhairt dóibh
Glúnta nua scríbhneoirí agus maisitheoirí a spreagadh
Athbhreithniú ar Laureate na nÓg: Cothaigh, Láidrigh, Athraigh
Bhí Laureate na nÓg deich mbliana ar an bhfód sa bhliain 2020. Thapaigh
an Chomhairle Ealaíon an deis seo tabhairt faoi athbhreithniú foirmiúil chun
machnamh a dhéanamh arís ar chuspóirí agus uaillmhianta Laureate na nÓg lena
chinntiú go luíonn siad leis na cuspóirí agus na huaillmhianta atá ag Saothar
Ealaíne Iontach a Tháirgeadh. Rinneadh iarracht san athbhreithniú measúnú
dhéanamh ar thionchar Laureate na nÓg mar chlár agus déantar moltaí do na
blianta atá amach romhainn chomh maith. Cuireadh an páipéar i láthair na
Comhairle Ealaíon ag a cruinniú Iomlánach ar an 22 Aibreán 2020. Cliceáil anseo
chun A
Review of Laureate na nÓg a íoslódáil agus cliceáil anseo
chun Laureate
na nÓg 2020 onwards a íoslódáil.