(Creidiúint Grianghrafadóireachta: Jasmin Doyle)
Gearrbheathaisnéis: Is taibheoir rince
gairmiúil agus cóiréagrafaí atá ag teacht chun cinn í Jessie Thompson, a
dhéanann speisialtóireacht in Hip Hop agus rince trialach comhaimseartha. In
2021, bhronn Damhsa Éireann Gradam Hatch agus cónaitheacht ar Jessie chun a
saothar féin a fhorbairt, chomh maith leis an nGradam Lúfaireachta chun
saothar a chruthú ina léirítear ceol nua in éineacht le foireann.
Bhí
sí ar stáitse le Compántas Emma Martins, United Fall in Night Dances le Féile
Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath agus ag PopUp in Mermaid Arts Centre
(Ionad Ealaíon na Maighdine Mara), rud a bhí á gcoimeád ag Shaun Dunne agus
Nyree Yergainharsian. D’oibrigh Jessie leis an gcompántas Locked Creative ar
roinnt léiriúchán agus leis an gcóiréagrafaí Joy Ritter ar scannán lánfhada a
stiúir Floria Sigisimondi. D’fhill sí ar an gcóiréagrafaíocht don Fhéile
Dance2Connect Leeds, ar thacaigh Comhairle Ealaíon Shasana léi, an taispeántas
Lost and Found ag Universal Space agus rinne sí meantóireacht ar ealaíontóirí
le linn scéimeanna cónaitheachta in Ionad Ealaíon Loch Garman ar thacaigh
Issacs leo. Rinne Jessie cóiréagrafaíocht ar roinnt físeáin ceoil
d’ealaíontóirí Éireannacha le blianta beaga anuas agus d’oibrigh sí ar scannáin
ghearra/lánfhada. Bhí sí ar stáitse in The Busk 2021 a thacaigh le Clann
Shíomóin.
I
mbliana, beidh Jessie ag obair ar a saothar féin agus ag iarraidh taighde a
chur chun cinn. Tacaíonn an Gradam Lúfaireachta leis an taighde seo agus
cuirfear tús le tionscadail nua in éineacht le cóiréagrafaithe amhail Liz
Roche, Monica Munoz agus an meantóir Cathy Coughlan.
Cad a rinne tú le do Dhámhachtain Lúfaireachta?
Rinne
mé taighde ar shaothar rince nua agus rinne mé é sin a fhorbairt in éineacht le
foireann de 5 rinceoirí le linn cónaitheachta a bhí ar siúl ar feadh seachtaine
ag Damhsa Éireann. Scríobhamar chuig a chéile (agus faoina chéile), agus
rinneamar iarracht a bheith seiftiúil maidir le hábhair thábhachtacha
dhúshlánacha. Is freagra é an saothar seo ar chaidrimh idir bhaill na foirne,
dinimic an chairdis, córas tacaíochta agus machnamh pearsanta a rinneamar le
dhá bhliain anuas mar ealaíontóirí. Bhí
mé ag iarraidh taighde a dhéanamh ar an saothar ó thaobh na scannánaíochta agus
na stáitse de. Mar sin, d’oibrigh mé le beirt mheantóirí, an rinceoir Robert
Byrne in District Funk Studios agus mé i mbun na cónaitheachta pearsanta mar
chuid den dámhachtain seo, agus leis an rinceoir/físghrafadóir Douglas Reddan,
a bhí freagrach as an taighde a thaifeadadh ag Damhsa Éireann. Rud nach raibh
pleanáilte ab ea fiosrú ar cheol úrnua; tharla an méid seo go nádúrtha in
éineacht leis an gceoltóir James McNamara agus chuir an méid sin brí agus
fuinneamh nua sa tionscadal. Thug mo chara agus meantóir Cathy Coughlan agus
Mateusz Szczerek treoir dom agus chuir siad uirlisí ar fáil dom i rith an
phróisis.
Cén chaoi a ndeachaigh
an Dámhachtain Lúfaireachta i bhfeidhm ort mar ealaíontóir/ar do ghairm
bheatha?
Domsa,
thug an dámhachtain seo deis álainn dom chun machnamh a dhéanamh ar an gcéim
ina bhfuil mé ó thaobh an phróisis de chomh maith leis an méid ba mhaith liom a
dhéanamh amach anseo. Bhí mé in ann mo chuid saothair a fhiosrú agus a dhéanamh
in éineacht le mo chairde is mó agus mo theorannacha pearsanta a shárú,
d’fhoghlaim mé tuilleadh faoi mo phróiseas cruthaitheacha féin agus chuir mé le
mo chuid scileanna mar dhéantóir/ chomhoibrí.
Seasann gné chomhoibríoch an phróisis amach domsa. Agus mé ag dul chun
cinn amach anseo, beidh caidrimh láidre agam le healaíontóirí a thugann
spreagadh dom. Go proifisiúnta, chuir an dámhachtain seo tuilleadh deiseanna ar
fáil dom mar rinceoir. Tháinig méadú ar thacaíocht agus spéis an phobail ar an
saothar a bhí déanta agam cheana, saothar atá le léiriú go fóill nó saothar atá
á dhéanamh agam faoi láthair.
Conas a dhéanfá cur síos
ar do phróiseas cruthaitheacha?
Dhéanfainn
cur síos ar mo phróiseas cruthaitheacha mar phróiseas eagraithe atá ina chíor
thuathail, freagra láithreach ar an saol thart timpeall orm. Bím seiftiúil agus
bainim triail as smaointe atá agam nó abairtí atá scríofa síos agam agus a
phiocaim amach as hata, ar na rinceoirí a bhfuil aithne agam orthu, agus bainim
an-taitneamh as mo chuid smaointe a phlé le daoine. Tugann go leor rudaí
inspioráid dom amhail an dúlra, comhráite agus imeachtaí sioncronaithe. Mar
sin, is minic a thosaím ón tús arís chun ligeann don phróiseas cruthaitheachta
tarlú go nádúrtha. Tá sé an-tábhachtach
dom seánraí éagsúla ceoil a sheinm agus mó ag cruthú liom.
Céard é, dar leat, an
dúshlán is mó atá agat mar ealaíontóir?
Le
bheith fírinneach, déarfainn gurb é an dúshlán is mó ná an chruthaitheacht a
choinneáil ag dul go comhuaineach leis an riarachán agus na fadhbanna
airgeadais atá ann do dhuine óg atá ag iarraidh dul i ngleic le paindéim agus
géarchéim chíosa. Caithim go leor ama in nádúr agus i mo chleachtadh pearsanta
gach lá chun gur féidir liom a bheith ag rince gach lá, ach níl an méid seo
indéanta i gcónaí mar gheall ar an suíomh reatha in Éirinn, gné den obair atá
an-dúshlánach. É sin ráite, tá an t-ádh orm a bheith in áit mhaith agus an
tacaíocht seo a fháil. Mar is eol dúinn, is iomaí duine atá ar an ngannchuid.
Sin an chaoi a bhfuil cúrsaí agus táim ag streachailt leis an méid seo a
phróiseáil freisin. Mar sin, tá sé mar
aidhm agam saothar a chruthú a bhfuil tionchar aige chun go mbeidh mé in ann
cabhair a thabhairt dóibh siúd i ngátar níos déanaí i mo ghairmréim.
Cad í an chomhairle ab
fhearr a cuireadh ort nuair a bhí tú ag teacht chun cinn mar ealaíontóir?
Ná bíodh drogall ort
comhairle a iarradh.
Cad é an duine/rud faoi
leith a chuaigh i bhfeidhm is mó ar do chleachtas?
Pobal
rince sráide na hÉireann, ag féachaint agus ag freastal ar iomaíochtaí rince,
na seisiúin agus na sifir, na bris-rinceoirí, na pop-rinceoirí, na rinceoirí
hip-hop agus crumpóirí agus an tacaíocht go léir a chuir siad ar fáil dom chun
pé rud a thaitníonn liom a dhéanamh agus a bheith seasmhach ón taobh sin.
Cad a
dhéanfaidh tú anois?
Táim chun breise tacaíochta a lorg chun taighde a dhéanamh ar shaothair
de mo chuid féin agus iad a forbairt tuilleadh. Táim ag dul faoi chlár chun
rince aonair nua a chruthú agus a fhorbairt in éineacht le Cóiréagrafaí
Éireannach. Leanfaidh mé ar aghaidh le mo chleachtas agus b’fhéidir go
bhfoghlaimeoinn scil nua i mbliana, mar rinne mé roinnt disciplíní sorcais a
fhiosrú anuraidh agus bhí fonn orm cuid acu a chur le mo chleachtas. Beidh mé
ag iarraidh imeacht eile de mo chuid Battle of Zen a eagrú agus céim eile a
thógáil i leith na scannánaíochta. Beidh cleachtaí iomlánaíocha á staidéar agam
agus déanfaidh mé iarracht cuid acu a cheangal le mo phróiseas cruthaitheacha
agus/nó mo chleachtas/chuid rince féin.