(Creidiúint Grianghrafadóireachta: Jack Bain)
Gearrbheathaisnéis:
Is taibheoir rince atá lonnaithe in Áth Cliath agus ball gairmiúil de Dhamhsa
Éireann é Mateusz Szczerek.
Áirítear lena shaothair a cuireadh i gcrích le déanaí tá Digital RSS Commission
2021 in The Civic mar an príomhealaíontóir, cóiréagrafaíocht i gcomhair
léiriúchán rince/sorcais Blame Game a léiríodh den chéad uair ag Bristol Circus
City i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus atá le dul ar camchuairt in 2022/23 agus
LETS DANCE, tionscal de chuid Damhsa Éireann, i gcomhair Cruinniú na nÓg 2021.
Tá stiúradh a dhéanamh ag Matt ar Dance2Connect go fóill freisin. Is Féile
Rince Sráide í seo a bheidh ar siúl ar feadh 3 lá ag The Civic, féile a
fhaigheann tacaíocht ó Mhaoiniú Féilte na Comhairle Ealaíon.
In 2019, roghnaíodh é mar chuid den tionscadal LIGHTING DESIGN FOR DANCE de
chuid The Lir,
a raibh Liz Roche mar mheantóir air.
In 2018, rinne Mateusz cóiréagrafaíocht ar FABLE don Dublin Fringe Festival.
(Ionad Ealaíon an Tionscadail)
ar bronnadh ainmniúchán air don ensemble is fearr. D’oibrigh Matt le CoisCéim
Dance Theatre go rialta, agus é mar phríomhrinceoir in THE WOLF & PETER
(2017 Áras Ceoldrámaíochta Sydney). In 2017, roghnaigh an compántas rince Far
From The Norm Matt mar an príomhealaíontóir Éireannach sa léiriúchán
idirnáisiúnta UNION BLACK, léiriúchán a fuair maoiniú ó Eoraip na
Cruthaitheachta agus a chuaigh ar camchuairt sa Ríocht Aontaithe, sa Fhrainc, sa
tSualainn agus in Éirinn.
Cad a rinne tú leis na Dámhachtain(í) a bhronn an
Chomhairle Ealaíon ort?
Chuir an Dámhachtain Tionscadail ar mo chumas mo chleachtas rince agus
lámhchleasaíochta a fhorbairt i gcomhar le teagascóirí den chéad scoth, Liza
Van Brakel agus Mark Sheets. Chuir an bheirt ealaíontóirí uirlisí léiriúcháin
ardchaighdeáin ar fáil dom agus thug siad an inspioráid dom a bhí ag teastáil
uaim don chéad tionscal eile de mo chuid.
Thacaigh an Dámhachtain Sparánachta liom caidrimh
ghairmiúla nua a chur ar bun agus an chéad-dréacht a fhorbairt de thionscal nua
do dhaoine óga, tionscal a bhaineann úsáid as rince, beochan agus
teicneolaíocht réaltacht fhíorúil (VR). Bhí mé in ann réamhbhlaiseadh i
gcomhair píosa nua a fhorbairt agus dul i mbun comhoibrithe le healaíontóirí
iontacha, Camille Donegan (saineolach ar VR) agus Fergal Brenann (beochantóir).
Cén tionchar a bhí ag an tacaíocht ón gComhairle Ealaíon ar do
ghairm bheatha?
Ciallaíonn an tacaíocht a fhaighim ón gComhairle Ealaíon go bhfuil mé in ann mo
chleachtas ealaíne a choinneáil ag imeacht agus gur féidir liom díriú isteach
ar ealaíon a chruthú, rud a chuireann sceitimíní orm. Chabhraigh sé liom
caidrimh idirdhisciplíneacha a chothú agus chuir sé an mo chumas tabhair faoi
ghnó laistigh de mo réimse saineolais, agus cuireadh borradh faoi mo chuid
samhlaíochta agus uaillmhéine dá bharr.
Conas a dhéanfá cur síos ar do phróiseas
cruthaitheacha?
Is meascán idir ghluaiseacht atá pleanálaithe go straitéiseach agus súgradh le
tobchumadh é mo phróiseas cruthaitheacha. Taitníonn sé liom cead a thabhairt do
thorthaí gan choinne a bheith páirteach i mo phríomhshaothar agus an struchtúr
a athrú ó chodanna a bhí pleanáilte roimh ré. Is maith liom nuair atá an rince
orgánach agus an cuma air go ndéantar gach rud gan stró, ach bhí taighde agus
struchtúr i gceist le fírinne. Triailim nithe a láimhsiú go minic freisin, rud
a ligeann dom torthaí gan choinne a bhaint amach.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó atá agat mar
ealaíontóir?
Is é an dúshlán pearsanta atá agam mar ealaíontóir ná mo chuid ealaíne a
athchruthú go rialta, trí chomhoibriú, sheisiúin scilbhisithe agus iniúchtaí
spraíúla. Creidim go gcaithfidh gach píosa a bhfuil fonn orm obair a dhéanamh
air mise a spreagadh, chun an toradh is fearr ar fad a bhaint amach. Is gné
fhíorthábhachtach den dúshlán seo é spraoi.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort nuair a
bhí tú ag teacht chun cinn mar ealaíontóir?
Is ar an gcomhsheasmhacht atá rath bunaithe.
Cad é an duine/rud faoi leith a chuaigh i bhfeidhm is mó ar do chleachtas?
Faighim inspioráid ó scata rudaí, ach bhí an tionchar is mó orm ag BEASTCAMPT
le gairid (clár ar líne maidir le conas cleachtadh Krump Dance a fhorbairt).
Cé is moite den mhéid sin, bhí an tionchar is mó ag an
na daoine seo a leanas orm: James Thierree, Gandini Juggling, Wang Ramirez agus
FarFromTheNorm.
Cad a dhéanfaidh tú anois?
Is í an chéad chéim eile ba mhaith liom a thógáil ná leagan iomlán de rince
aonair Matt&Hat a fhorbairt. Is rince é do lucht féachana óg a bhaineann
úsáid as teicneolaíocht VR. Cuirfidh mé tús le píosa nua a dhéanann cúram den
chomhshaol a fhorbairt in éineacht le foireann iontach de rinceoirí atá lonnaithe
in Áth Cliath. Bainfear úsáid as plaisteach athchúrsáilte, d’aon chineál, chun
struchtúr a chruthú don dearadh léirithe. Tá fuadar fúm anois tús a chur leis
an eachtra nua seo.