(Creidiúint Grianghrafadóireachta: Andreas Brandl)
Gearrbheathaisnéis: Is taibheoir Éireannach a rugadh sa Nigéir é Mufutau Yusu a bhí ar
stáitse den chéad uair agus é 18 bliana d’aois in Amharclann Rince
Nua-aimseartha na hÉireann. Ba é seo an chéad saothar a léirigh sé ar son an
chompántais agus bhí tuilleadh le teach uaidh fós.
Chláraigh sé ar chlár fochéime
ceithre bhliana ina dhiaidh seo in Salzburg Experimental Academy of Dance. Ón
uair a bronnadh céim air in 2016, d’oibrigh Yusuf go neamhspleách le
cóiréagrafaithe agus compántais éagsúla, chomh maith lena shaothair ealaíonta
féin a fhorbairt i gcomhair earnálacha na stáitse agus na scannánaíochta.
Tá sé lonnaithe idir Éirinn agus an
Bhruiséil faoi láthair, áit ina n-oibríonn sé le cóiréagrafaí de chuid na
Beilge Wim Vandekeybus/Ultima Vez. Bronnadh an Dámhachtain Sparánachta Damhsa
ar Mufutau in 2020 agus tá sé ag baint úsáid as an dámhachtain seo chun taighde
a dhéanamh ar a shaothar féin agus é a fhorbairt.
Cad a rinne tú le do Dhámhachtain Sparánachta?
Bhain mé úsáid as an dámhachtain
seo chun taighde agus páirtfhorbairt a dhéanamh ar shaothar nua darb ainm Òwe
(teideal oibre). Is rince aonair é seo a dhéanann iniúchadh ar mo chartlann
féin agus a bhfuil sé mar aidhm aige mo chartlann phearsanta a dhíchódú ó
thaobh na cartlainne sinseartha de agus chun gnéithe éagsúla na cartlainne a
fhiosrú, ón digiteach go dtí an deasghnáth, ón mbeo go dtí an plaisteach agus
ón duine aonair go dtí an comharghrúpa.
Cén chaoi a ndeachaigh Dámhachtain Sparánachta i
bhfeidhm ort mar ealaíontóir/ ó thaobh na gairme de?
Bhí an dámhachtain seo
ríthábhachtach domsa, agus do mo ghairm bheatha go háirithe de réir mar a
iarraim triail a bhaint as réimse na cóiréagrafaíochta. Tá sé tar éis an t-am
agus an spás a chur ar fáil dom chun taighde a dhéanamh agus na smaointe a
thaitníonn liom mar chóiréagrafaí a fhiosrú. Is deis í seo nach bhfaigheann
formhór na ndaoine a bhfuil fonn orthu dul isteach sa chóiréagrafaíocht. Ba
thabhartas ó Dhia é dom í a fháil agus mé i mbun aistrithe faoi láthair.
Conas a dhéanfá cur síos ar do phróiseas
cruthaitheacha?
Nílim tar éis próiseas
cruthaitheacha ar leith a phearsantú go fóill ach is minic a thosaím le
smaoineamh, mothúchán nó próiseas smaointeoireachta a bhfuil fonn orm é a
fhiosrú tuilleadh agus é a chur in iúl. Cuireann na coincheapa seo eolas ar
phróiseas ar bith a leanann iad. Is amharc-ealaíontóir mé agus d’fhéadfainn
laethanta a chaitheamh ag brionglóideach faoi íomhánna nó radhairc a bhfuil
fonn orm iad a léiriú i seó, a chiallaíonn gur féidir dul i mbun oibre i
stiúideo agus píosa críochnaithe ar intinn agam, sula gcuirim tús le próiseas
ar bith fiú. Mar sin féin, táim ag foghlaim gan a bheith rócheanúil ar na
híomhánna seo agus cead a thabhairt dom féin léim sa dorchadas.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó atá agat mar
ealaíontóir?
Féinmhuinín agus an iomarca machnaimh.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort nuair a
bhí tú ag teacht chun cinn mar ealaíontóir?
Mo chuid ama a ghlacadh le gach
rud, ní thagann aon mhaitheas as deifir a dhéanamh, gó háirithe i lár próiseas
cruthaitheachta.
Is féidir rud ar bith a dhéanamh nó
a bhaint amach más féidir é a shamhlú.
Bí dílis don fhís agus don fhonn
atá agam, ná géill i dtaca na físe ach amháin más gá.
Cad é an duine/rud faoi leith a chuaigh i bhfeidhm is
mó ar do chleachtas?
Is iomaí rud a théann i bhfeidhm
orm ó thaobh na hinspioráide de — leabhair, scannáin, amharc-ealaíona agus
ealaíona plaisteacha. Is dóigh liom go mbraitheann sé ar an ngiúmar atá orm ag
an am, an méid atá ar siúl agam nó an próiseas smaointeoireachta, maidir le mo
shaol féin nó ceisteanna domhanda reatha. Tá aistí criticiúla maidir le
litríocht Phan-Afracach agus na hamharc-ealaíona á léamh agam faoi láthair,
agus táim ag iarraidh taitneamh a bhaint as cuid de shaothar Giorgio de
Chirico. Creidim go rachaidh gné ar leith iontu i bhfeidhm ar an obair atá á
dhéanamh agam faoi láthair, bíodh sé scannán a mbreathnóinn air amárach nó
píosa ceoil a n-éistfinn leis. Go bunúsach, is féidir tionchar nó inspioráid a
aimsiú in áit ar bith má bhíonn intinn oscailte agam ina leith.
Cad a dhéanfaidh tú anois?
Faoi láthair táim sna céimeanna deiridh forbartha i mo
shaothar aonair agus tá taighde á dhéanamh agam ar shaothar nua.