Gearrbheathaisnéis:
Is taibheoir rince í Róisín Whelan
a rugadh i gCeatharlach. I measc na saothar cóiréagrafaíochta is déanaí dá cuid
tá In The End, We Begin (scannán), rud a choimisiúnaigh an rinceoir de
chuid Féile Dhamhsa an Chóiréagrafaí Éireannaigh / John Scott. Tá Róisín i
gceannas ar thionscal forbartha pobail ar scála mór in éineacht le hIonad
VISUAL, Ceatharlach a bhfuil sé mar aidhm aige seisiúin ghluaiseachta a chur ar
fáil i dtithe daoine atá os cionn 65 bliain d’aois, chun iarmhairtí an
aonraithe a chomhrac. Bronnadh an chéad Ghradam Propel ar Róisín. Is clár
forbartha ealaíontóra agus meantóireachta é seo a bheidh ar siúl ar feadh trí
bliana agus atá á maoiniú ag the Strollers Network, an cuibhreannas Ionad
Ealaíon is mó in Éirinn. Is ball de Stiúideo Oscailte Ceoldrámaíochta
Thuaisceart Éireann í, agus beidh sí ina Cóiréagrafaí atá ag Teacht chun Cinn
sa séasúr 21/22. Ba í Róisín an chéad duine ar bronnadh Cónaitheacht Léiriú
Rince LD uirthi in 2021. I measc na ngradam agus na dtréimhsí cónaitheachta
eile dá cuid tá an Cónaitheacht Gníomhaí Chúl Stáitse Amharclannaíochta 2020
& 2021, Gradam Cónaitheachta Réigiúnaí de chuid Dhamhsa Éireann 2020 agus
2021, an Gradam Cóiréagrafaí atá ag Teacht chun Cinn de chuid Bhailé
Éireann, Dámhachtain Sparánachta Damhsa
de chuid na Comhairle Ealaíon 2020 agus 2021, agus Gradam Comhaltachta de chuid
Dhamhsa Thiobraid Árann 2020. Tá Baitsiléir Taibhealaíona agus Máistreacht sa
Taibhiú (Pas le Gradam) ón Northern School of Contemporary Dance (Scoil an
Tuaiscirt um Dhamhsa Comhaimseartha) ag Róisín. Tá cuid mhór léiriúchán déanta
aici leis an gCompántas Damhsa Black Box (an Danmhairg) agus New
Adventures (RA) de chuid Matthew Bourne a bhfuil duaiseanna buaite aige. Bíonn
Róisín ag damhsa in Éirinn agus sa RA ar stáitse agus ar an scáileán go fóill
agus múineann sí go proifisiúnta do chompántais rince éagsúla.
Cruthaíonn Róisín Whelan Dance
saothair atá fíor-dheacair ó thaobh na fisiciúlachta agus na teicniúlachta de,
a mbaineann scéalta láidre leo agus atá inrochtana beag beann ar aois, inscne
nó cúlra socheacnamaíoch. Áirítear ar na saothair a cuireadh i gcrích le gairid
ná an chéad léiriú de Man Down ag Ionad VISUAL, Ceatharlach agus an
Amharclann Cúl Stáitse, an Longfort. Fuair an tionscadal seo maoiniú trí
Dhámhachtain Tionscadail de chuid na Comhairle Ealaíon. Man Down
(Scannán) 2021, maoinithe ag an gCónaitheacht Léiriú Damhsa LD, an Gradam Tosú
le Chéile de chuid Bhanc na hÉireann, i gcomhpháirt le Business to Arts. Níos
moille i mbliana, cruthóidh R.W.D clár nua do dhaoine óga a bhfuil Damhsa
Thiobraid Árann á choimisiúnú agus Coimisiúnú Léiriúcháin ó Mhoil
Chruthaitheachta Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath
Cad a rinne tú leis na Dámhachtainí a fuair tú ón
gComhairle Ealaíon?
Tar éis dom roinnt dámhachtainí a
fháil, tá mé ar bís a bheith in ann taighde a dhéanamh agus céimeanna de mo
chuid saothair a fhorbairt. Bronnadh Dámhachtain Tionscadail (2022) orm, rud a
chur ar mo chumas mo chéad scannán lánfhada a léiriú. Ba é sin Man Down
ag Ionad VISUAL, Ceatharlach agus an Amharclann Cúl Stáitse, an Longfort.
Mar gheall ar na Dámhachtainí
Sparánachta Damhsa (2021, 2020), d’oibrigh mé ar dhá thionscadal.
The Galaxy Of
Occupations (2020) - modhanna nua a fhorbairt chun saothair a chruthú
do dhaoine óga trí mheantóireacht de chuid Jon Beney (Meantóir RA). Mar gheall
ar mheantóireacht Jon, bhí mé in ann smaoineamh trí mheon an pháiste agus
bealaí nua chun saothair atá spreagúil agus oiriúnach do dhaoine óga idir 7
agus 11 bhliain d’aois a fhiosrú. Bronnadh coimisiúin léiriúcháin de chuid
Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus Damhsa Thiobraid Árann dá bharr,
coimisiúin a lig dom an seó a fhorbairt tuilleadh agus é a chur i láthair i
leabharlanna, scoileanna agus spásanna eile faoin aer.
Hidden Figures (2021) – bhí an-suim
agam taighde a dhéanamh ar conas scannánaíocht a úsáid mar mheán in léiriú beo.
Bhí fonn orm cumais faoi cheilt na mban a fhiosrú trí obair a dhéanamh le
ceathrar taibheoirí mná iontach agus déantóir scannán chun iniúchadh a dhéanamh
ar conas is féidir linn léiriúchán damhsa agus an scannánaíocht a thabhairt le
chéile gan stró ar an stáitse. Chuireamar roinnt smaointe trí chéile agus
meascán mearaí idir tástáil agus earráid ab ea é. Mar sin féin, thug sé an deis
dom scileanna nua a fhorbairt i réimsí éagsúla.
Cén chaoi a ndeachaigh tacaíocht ón gComhairle Ealaíon
i bhfeidhm ortsa mar ealaíontóir agus ar do ghairm bheatha?
Thug sé an deis dom borradh a chur
faoi mo ghairm bheatha agus na céimeanna riachtanacha a thógáil chun mo chuid
saothair a léiriú mar chóiréagrafaí.
Agus mé ag tosú amach mar
chóiréagrafaí, an t-aon rud a theastaigh uaim thar rud ar bith eile ná am. Bhí sé
de dhíth orm chun m’fhoclóir cóiréagrafaíochta a fiosrú agus mo ghuth féin a
aimsiú mar dhéantóir. Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis tacaíocht chur ar fáil
dom trí dhámhachtainí sparánachta agus forbartha gairmiúla. Chuir siad seo ar
mo chumas an obair seo a dhéanamh agus dúshlán a thabhairt dom féin oibriú le
healaíontóirí agus meantóirí eile. Murach na dámhachtainí seo, ní bheadh an
méid sin indéanta.
Maidir leis na dámhachtainí
léiriúcháin, bhí deis iontach agam oibriú le foireann mhór chruthaitheach;
cumadóir, dearthóir seit, dearthóir feistis, dearthóir soilse, léiritheoir,
agus mórán eile nach iad. Toisc gur bhuaigh mé dámhachtainí go léir na
Comhairle Ealaíon de réir a chéile mar chéimeanna aistir nó dréimire, cuireadh
tacaíocht ar fáil dom i ngach uile chéim de mo ghairm bheatha agus chuaigh mé
go muiníneach trí na céimeanna éagsúla a bhaineann le saothar nua a chruthú.
Conas a dhéanfá cur síos ar do phróiseas
cruthaitheacha?
Déarfainn go bhfuil go leor rudaí
éagsúla i gceist leis, ach oibrím trí chomhoibriú den chuid is mó. Oibrím le
m’fhoireann chruthaitheach cumadóirí, dearthóirí seit agus soilse chun an nasc
foirfe gluaiseachta le gach foirm ealaíne a aimsiú. Téann ceann amháin acu i
bhfeidhm ar an gceann eile agus ligeann sé dó a bheith faoi bhláth. Tá ionchur
agus saineolas na foirne cruthaithí atá agam fíorthábhacht. Bíonn an ealaíon
níos suimiúla agus níos bríomhaire mar gheall ar an meas atá agam ar an
saineolas seo.
Bíonn cúrsaí craiceáilte nuair a
bhím sa stiúideo le rinceoirí. Bímid i gcónaí ag léim ó thascanna
cóiréagrafaíochta go gluaiseacht a chruthaigh mise a fhoghlaim, go húsáid a
bhaint as an bhfilíocht, teanga, téacs agus go leor comhairimh chun an
ghluaiseacht a dhéanamh níos suimiúla agus níos casta. Is iad na rinceoirí croí
an tsaothair agus mar sin, tá sé tábhachtach go bhfuil an spás spraíúil,
oscailte agus fáilteach. Déanaimid iarracht timpeallacht chlainne a chruthú
ionas go mbraitheann gach duine compordach chun smaointe a chur in iúl agus dul
chun cinn a dhéanamh.
Is breá liom dúshlán a thabhairt
dom féin sa phróiseas cruthaitheacha le téamaí agus smaointe cruthaitheacha a
thosaíonn mar smaoineamh simplí amháin agus gur féidir liom iad a leathnú de
réir mar a théann an próiseas chun cinn.
Céard é, dar leat, an dúshlán is mó atá agat mar
ealaíontóir?
Caithfidh mé a rá gurb é an damhsa
a chur i láthair ar bhealach intuigthe an dúshlán is mó atá romham. Mar
ealaíontóir, ní gá dom a rá go mbím ag iarraidh mo chleachtas féin a leathnú i
gcónaí, ach tá sé fíorthábhachtach agam go mbaintear taitneamh as an méid a
chruthaím agus go bhfuil sé inrochtana do gach lucht féachana. Go mbeadh
tuiscint ar leith ag gach éinne ar ghné den shaothar, agus go mbeadh sé
intuigthe i ngach áit.
Agus muid go léir ag brath ar
roinnt foirmeacha ealaíon chun bealach le héalú ó chúrsaí oibre a chur ar fáil
dúinn, tá sé mar aidhm agam an damhsa a bhunú mar bealach le héalú ó chúrsaí an
tsaoil do dhaoine, díreach mar atá an scannánaíocht, an teilifís agus an
litríocht. Tá fonn orm teorainneacha gluaiseachta mar fhoirm ealaíne a shárú
agus saothar taitneamhach agus ábhartha a chruthú do lucht féachana.
Tá deacrachtaí ar leith i gceist
nuair atá saothar insinte á chruthú agat, agus oibrímse sa seánra sin. Tá sé
tábhachtach agam gur féidir leis an lucht féachana an scéal agus an méid atá ag
tarlú ar stáitse a thuiscint, agus is an-dúshlán é seo domsa mar chóiréagrafaí
toisc go ndéantar gach cinneadh cóiréagrafaíochta de réir conas a chabhraíonn
na torthaí seo le príomhthéama an scéil a chur in iúl agus aird an lucht
féachana a threorú sa bhealach ceart.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort nuair a
bhí tú ag teacht chun cinn mar ealaíontóir?
Ná bíodh drogall ort ceisteanna a
chur.
Thuig mé nuair a thosaigh mé ag
cruthú go raibh tuiscint agam ar an méid a bhí uaim, ach níor thuig mé conas is
féidir liom é sin a bhaint amach. Bhí eagla orm go mbeadh an chuma orm nár
thuig mé cad a bhí á dhéanamh agam nó gur chuir mé ceist ar an duine mícheart.
Ba í an chomhairle ab fhearr a cuireadh orm ná do chuid ama a chaitheamh le
daoine a bhfuil muinín agat iontu agus a bhfuil meas agat ar a gcuid tuairimí.
Agus an méid seo déanta agat, cuir ceisteanna orthu, cuir pé ceist a thagann
isteach i d’intinn orthu, is cuma cé chomh bheag nó mór. Bíonn daoine lán-sásta
cabhair a thabhairt agus beidh siad ar bís pé ceisteanna atá agat a fhreagairt
más féidir leo.
Cad é an duine/rud faoi leith a chuaigh i bhfeidhm is
mó ar do chleachtas?
Tar éis dom comhoibriú le Matthew
Bourne, déarfainn gurb eisean agus a chuid saothair na rudaí is mó a chuaigh i
bhfeidhm orm. Agus mé ag obair le Matthew, thuig mé an luach a bhaineann le
saothar insinte agus an ceangal a aimsíonn an lucht féachana ann. Tá gné
rannpháirtíochta láidir ag an gcompántas agus táim ag iarraidh díriú isteach ar
an méid seo a chruthú taobh le mo chuid saothair féin. Ba bhreá liom
amharclannaíocht, ceolmhaireacht agus scála an tsaothair a chruthaíonn sé, agus
is foinse inspioráide é domsa agus mé ag iarraidh gairm bheatha a bhaint amach
mar chóiréagrafaí.
Cad a dhéanfaidh tú anois?
Tá lúcháir orm a bheith i mbun
saothair nua a chumadh do dhaoine óga darb ainm ‘The Galaxy of Occupations’
tar éis do Dhamhsa Thiobraid Árann agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath é
a choimisiúnú. Leanfaidh mé ar aghaidh ag obair le Ballet Ireland (Bailé
Éireann) mar an cóiréagrafaí atá ag teacht chun cinn dá gcuid, agus rachaidh mé
i mbun cónaitheachta le Shawbrook i mbliana chun obair a dhéanamh ar An Fear
Bréige, saothar nua atá dírithe ar theaghlaigh. Cuirfidh mé isteach ar
mhaoiniú chun mo shaothar lánfhada Man Down a thabhairt ar camchuairt
agus chun tionscal rince ar scála mór Doorstep Dances a fhorbairt in
éineacht le hIonad VISUAL, Ceatharlach.
Róisín Whelan Dance: Cuntais mheáin shóisialta
Facebook https://www.facebook.com/RoisinWhelanDance
Instagram https://www.instagram.com/roisin_whelan_dance/