Is í Caitriona Lally buaiteoir Dhuais Rooney do Litríocht Éireannach 2018. Bhí a céad úrscéal, Eggshells, ar an ngearrliosta don Duais do Scríbhneoir Nuathagtha ag Gradaim Leabhar Éireannach 2015 agus do Dhuais Katie O’Brien don Chéad Úrscéal. Fuair sí Sparánacht Litríochta ón gComhairle Ealaíon in 2015. Tá sí ag súil lena dara húrscéal a chur i gcrích faoi dheireadh 2019.
Cad é an dúshlán ba mhó a bhí romhat agus tú i mbun Eggshells a scríobh?
Níor cuireadh aon rud a scríobh mé i gcló sular thosaigh mé ar Eggshells. Rinne mé iarracht cúpla gearrscéal a scríobh ach níor éirigh leo, ní raibh barúil agam conas úrscéal a scríobh nó an mbeinn in ann é a dhéanamh ar chor ar bith. Ach bhain spleodar leis an bpróiseas chomh maith, bhí orm mé féin a shá i ndomhan mo charachtair gan tuairim ar bith cad a tharlódh sa scéal. Ní raibh aon chur amach agam ar shaol na leabhar in Éirinn ach oiread, agus bhí sé sin ina bhac agus mé ag déanamh machnaimh air anois, ní raibh aon eolas agam ar fhoilsitheoireacht nó ar conas a oibríonn sé. Bíonn iontas orm nuair a bhím ag caint le scoláirí atá ag déanamh staidéar ar an scríbhneoireacht chruthaitheach, tá go leor eolais acu ar an bpróiseas. Bheadh sé i bhfad níos ciallmhaire an t-eolas seo a bheith agat roimh ré.
Conas a dhéanfá cur síos ar do ghnáthamh laethúil scríbhneoireachta?
Neamhleanúnach. Oibrím go moch ar maidin agus scríobhaim i ndiaidh na hoibre ar feadh cúpla uair an chloig trí huaire sa tseachtain sula bpiocaim mo leanbh suas ón naíolann. Déanaim iarracht roinnt scríbhneoireacht a dhéanamh sa tráthnóna ach idir an post atá agam go moch ar maidin agus aire a thabhairt do leanbh atá thar a bheith gníomhach le linn an lae, ní bhíonn an fuinneamh agam mórán a dhéanamh sa tráthnóna, déanaim an chuid is mó den obair scríbhneoireachta le linn na dtrí mhaidin sin. Tá an dara leanbh ar an mbealach anois agus is cinnte go mbeidh orm mo chuid ama scríbhneoireachta a atheagrú arís – táim ag súil go mbeidh an chéad leanbh eile níos fearr ag codladh.
Cén chaoi a ndeachaigh dámhachtain sparánachta i bhfeidhm ort mar scríbhneoir/ar do ghairm scríbhneoireachta?
Bhí an t-airgead an-úsáideach, bhí mé in ann íoc as turas chuig Hamburg chun taighde a dhéanamh don dara húrscéal agus fuair mé an dámhachtain ag am nach bhfuair mé mórán ó thaobh dleachta de ón gcéad úrscéal. Thug sé muinín dom chomh maith gur aithníodh mé mar scríbhneoir atá ag teacht chun cinn. Mothaítear go hiontach nuair a léann duine d’obair agus go gceapann siad go bhfuil poitéinseal inti agus gur fiú í a chur chun cinn.
Cad í an chomhairle ab fhearr a cuireadh ort nuair a bhí tú ag teacht chun cinn mar scríbhneoir?
Dúradh liom gan bheith róshásta ná róbhrónach maidir le mo chuid scríbhneoireachta agus déanaim iarracht cloígh leis sin. Baineann thuas seal agus thíos seal leis an scríbhneoireacht – thíos seal lán le diúltú, iarrachtaí dleachta a fháil ón gcéad fhoilsitheoir agus gach uile fhadhb a théann leis an bhfoilsitheoir mícheart a roghnú – agus thuas seal le margadh foilsitheoireachta le foilsitheoirí creidiúnacha sa RA agus i SAM agus a bheith ar an ngearrliosta do dhuaiseanna nó ag buachan duaiseanna.
Cad é an leabhar/an t-údar ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar do chuid scríbhneoireachta?
Joanna Walsh is dócha. Úsáideann sí teanga ar bhealach atá spéisiúil ina n-athraítear do mheon maidir leis na focail agus na coincheapa sin. Sílim go mbíonn a cuid oibre spreagúil maidir leis an turgnamhachas a bhíonn inti, ní bhíonn a fhios ag an léitheoir cad a bheidh sa chéad abairt eile, tá an-mheas agam ar an gcrógacht a bhíonn aici, is léir go scríobhann sí ar ábhair a bhfuil suim aici iontu agus ní don mhargadh.