Tionscadal rannpháirtíochta ealaíne poiblí ab ea ILLUMINATE a bhí ceaptha agus stiúrtha ag North-55. Rinne sé comóradh ar scéal imeacht mhuintir Inis Trá Tholl agus déanann sé machnamh ar scéalta imirce daoine sa lá atá inniu ann.
Ba iad North-55 agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain a chuir an clár ar fáil. I measc na rudaí a bhí i gceist leis an gclár bhí ceardlanna ar ghlac cónaitheoirí páirt iontu agus d’éascaigh sé nasc díreach le hInis Trá Tholl, an t-oileán is sia ó thuaidh de chuid na hÉireann. Cuireadh bailchríoch ar an gclár le saothar grianghrafadóireachta, saothar fuaime agus scannán. Ba í Sarah Murphy a d’fhorbairt an saothar fuaime, ISLAND LAMENT agus d’fhorbair an t-ealaíontóir Rick Lowe ó Houston, Texas clár cónaitheachta. Ba iad rannpháirtithe an tionscadail, lena n-áirítear sliocht na ndaoine a bhíodh ina gcónaí ar an oileán, a chuir i láthair é.
Rinneadh iniúchadh ar an acmhainn atá i gcleachtais den sórt sin i seimineár idirnáisiúnta CONNECT, a d’eagraigh comhpháirtithe an tionscadail. I meas na ndaoine a labhair ag seimineár CONNECT bhí: Rick Lowe (Project Row Houses), Mary Jane Jacob (Coimeádaí), Russell Lewis (Street Level Youth Media), Sara Black (ProjectBase), John Peto (The Nerve Centre) agus Declan McGonagle (An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha).
Photographs by Kelvin Gallagher and Breedge Doherty
Tuilleadh faisnéise
Déan teagmháil le: Marie Barrett, Stiúrthóir Ealaíne
Teil: +353 (0) 74 932 2870
Gréasán: http://north-55.com
Ríomhphost: north55@eircom.net