Tionscadal Puppet Portal - Helium Children's Arts and Health (2010)
'Thaitin sé thar cionn liom. Chuidigh sé go mór linn dearmad a dhéanamh ar feadh tamaill ar ghnóthaí tromchúiseacha an ospidéil.' Tuismitheoirí
'Sin díreach atá ag teastáil in ospidéal i gcomhair leanaí.' An Fhoireann
'Bhí sé ar fheabhas - go hiontach ar fad.' Leanaí
Cur síos air
Tá sé d’aidhm ag Tionscadal Puppet Portal réimsí na n-ealaíon, na teicneolaíochta agus na sláinte a nascadh le chéile le cabhrú le leanaí léirithe idirghníomhacha puipéadóireachta a chruthú.
D’oibrigh ceathrar ealaíontóirí gairmiúla le breis is 450 ball foirne, leanbh, agus ball teaghlaigh i gceithre ospidéal ghéarmhíochaine (i mBaile Átha Cliath, Luimneach agus Sligeach), thar thréimhse cúig mhí. D’oibrigh gach ealaíontóir leis na leanaí, leis an bhfoireann agus leis na tuismitheoirí chun léirithe idirghníomhacha puipéadóireachta a chruthú. Taispeánadh na léirithe sin do páistí sna trí ospidéal eile agus rinneadh tuilleadh forbartha orthu. Roinn na healaíontóirí, na leanaí agus na baill foirne smaointe le chéile agus chuir siad léirithe ar fáil dá chéile trí phobal ar líne do leanaí san ospidéal ar a dtugtar Áit Eile.
Chruthaigh na leanaí breis is 40 léiriú ildaite, samhlaíoch agus slachtmhar, agus chuir siad i láthair iad mar chuid de Thionscadal Puppet Portal. Rinneadh measúnú ar an obair agus fuarthas gur spreag an tionscadal cruthaitheacht, teagmháil shóisialta, gluaiseacht fhisiceach, féinléiriú agus muinín. Thaispeáin sé do leanaí conas teicneolaíocht ilmheáin a úsáid, tharraing sé a n-aird ón tinneas a bhí orthu, laghdaigh sé an strus a bhí orthu agus thug sé le tuiscint dóibh go raibh níos mó smachta acu ar a dtimpeallacht.
D'éascaigh an tionscadal machnamh agus plé i measc ealaíontóirí agus gairmithe sláinte maidir leis an gcleachtas is fearr agus iad ag obair go cruthaitheach le leanaí; thacaigh sé le forbairt ghairmiúil na n-ealaíontóirí trí Practice.ie, líonra ghairmiúil d'ealaíontóirí a d’fhorbair Kids Own agus a oibríonn le leanaí agus le daoine óga; agus chuir sé feabhas ar scileanna cruthaitheacha agus ar an tuiscint atá ag foireann an ospidéil agus ag na tuismitheoirí.
Meet Artist in Residence Sally Maidment from Helium Childrens Arts and Health on Vimeo.
Tuilleadh faisnéise
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Thionscadal Puppet Portal agus obair Helium, téigh i dteagmháil le:
Helene Hugel, Stiúrthóir Ealaíne, Helium
Teil: + 353 (0) 44 93 96 960
R-phost: helene@helium.ie
Gréasán: http://www.helium.ie/portal.html
Foirm Ealaíne
Téatar - Puipéadóireacht
Cleachtas ealaíon
Rannpháirtíocht sna hEalaíona - na hEalaíona agus an tSláinte
Ealaíontóirí
- Siobhán Clancy, Físealaíontóir
- Emma Fisher, Puipéadóir
- Helene Hugel, Puipéadóir
- Anna Rosenfelder, Puipéadóir
Rannpháirtithe
Leanaí, tuismitheoirí agus baill foirne in:
- Ospidéal Beaumont, Baile Átha Cliath
- Ospidéal Ollscolaíoch na Leanaí, Sráid Temple, Baile Átha Cliath,
- Ospidéal Réigiúnach an Mheán-Iarthair, Luimneach,
- Ospidéal Ginearálta Shligigh
Comhpháirtithe
- An Láraonad Faisnéisíochta Sláinte (Centre for Health Informatics) Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Kids' Own Publishing Partnership
Maoiniú
Le cois mhaoiniú na Comhairle Ealaíon, fuair an tionscadal seo maoiniú uathu seo a leanas:
- Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
- Social Entrepreneurs Ireland