Séasúr náisiúnta d’eispéiris ealaíon a mhairfidh deich lá is ea Brightening Air | Coiscéim Coiligh, arna chur i láthair ar fud na tíre agus ar líne araon ag an gComhairle Ealaíon idir an 11 agus an 20 Meitheamh, 2021.
Is freagairt uathúil ealaíonta ar thréimhse uathúil inár stair é; séasúr d’imeachtaí a bheidh ann a chuirfear ar siúl chun ceiliúradh a dhéanamh air go bhfuilimid ag teacht amach as an bpaindéim, chun ceiliúradh a dhéanamh ar athléimneacht earnáil na
n‑ealaíon agus d’fhonn dóchas agus deiseanna a chruthú le gur féidir leis an bpobal páirt a ghlacadh sna healaíona in athuair.
Idir thaispeántais soilse ar snámh fud fad na Sionainne, léirithe
pearsanta sa ghairdín tosaigh, an chéad léiriú de shaothar nua
le duine de na hamharc-ealaíontóirí Éireannacha is mó cáil agus imeachtaí le
haghaidh leanaí, teaghlaigh agus daoine críonna, cuirfidh an séasúr
éagsúil, dathúil is spraíúil, beocht sa lucht féachana ar fud na tíre
agus muid ag teacht chugainn féin arís tar éis na paindéime.
Is í an Chomhairle Ealaíon a chuirfidh an t-imeacht Brightening Air | Coiscéim Coiligh i láthair, is é Schweppe Curtis Nunn a léireoidh an t-imeacht agus is é Rialtas na hÉireann a bheidh á mhaoiniú.
Chun clár iomlán Brightening Air | Coiscéim Coiligh a fheiceáil, téigh chuig www.brighteningair.com
Instagram: @brightening_air
Twitter: @Brightening_Air
Facebook: https://www.facebook.com/brighteningair