Is é Paul Stiúrthóir Ionad Ealaíon na Tána i nDún Dealgan faoi láthair. Tá BA i nDrámaíocht ó Ollscoil na Breataine Bige, Aberystwyth agus MA sa Léann Drámaíochta agus Amharclannaíochta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag Paul. Is é Paul Stiúrthóir Ealaíne Chompántas Amharclannaíochta Catastophe agus stiúir sé 20 dráma ansin, ina measc siúd Up the Yard agus LOVE and other disguises. Bhí sé ina Cheann Drámaíochta ag Institiúid Mhuineacháin ar feadh trí bliana sular aistrigh sé chuig a ról mar Oifigeach Ealaíon Pobal le Comhairle Chontae na Mí. D’oibrigh sé mar Bhainisteoir Ginearálta le haghaidh Upstate Theatre Project i nDroichead Átha ar feadh trí bliana agus bhí sé ina léiritheoir agus comhairleoir amharclainne ar At Peace agus Submarine Man. Stiúir sé cúig dhráma do Upstate, The Ones Who Kill Shooting Stars agus Ship St. Revisited san áireamh.
Is spás neamhspleách ealaíon i nDún Dealgan, Co. Lú é Ionad Ealaíon na Tána agus tá sé lonnaithe i Sean-Amharclann na Tána, Halla an Bhaile, Sráid Crowe. Bunaíodh an Táin mar eagraíocht neamhspleách go luath in 2014, leis an aidhm go n-athbhunófaí an foirgneamh mar spás oibre ealaíon a bheadh dírithe ar an bpobal. Tá príomh-amharclann ina bhfuil 350 suíochán, amharclann stiúideo ina bhfuil 55 suíochán, gailearaí amharc-ealaíon agus dhá spás ceardlainne san ionad. Bíonn meascán ilghnéitheach d’ealaíona áitiúla, camchuairteanna náisiúnta, ceardlanna, amharc-ealaíona agus léirithe intí ar chlár an Ionaid. Tacaíonn Comhairle Contae Lú le hIonad Ealaíona na Tána agus tá maoiniú á fháil aige ón gComhairle Ealaíon ó bhí 2018 ann.
Website: www.antain.ie | Facebook: www.facebook.com/antainartscentre | Twitter: @antainarts | Instagram: @antainarts
Conas a chuaigh géarchéim shláinte COVID-19 i bhfeidhm ar an ngnáthshaol laethúil san Ionad Ealaíon?
Athraíodh ó bhonn é. Tá ocht mí caite anois agus ní dóigh liom gur cheap aon duine againn i mí an Mhárta go mbeimis mar a bhfuilimid anois. Ach leanann ealaíontóirí orthu ag cruthú agus is é an post atá againne ná na rudaí a chruthaíonn siad a chur os comhair an oiread daoine agus is féidir agus sin é atá déanta againn. Rinne an fhoireann bheag ag Ionad Ealaíon na Tána saothar le breis agus 100 ealaíontóir a léiriú, a éascú agus a chur ar taispeáint, agus thacaigh sí leo, ó mhí an Mhárta mar chuid dár gclár OFFSITE. Tá a gcuid saothar agus cruthaíochta feicthe ag na mílte daoine ar fud an domhain ó shin. Bhí ár bhfoirgneamh dúnta d’fhormhór na n-ocht mí seo caite agus dá bhrí sin, bhí ar ár bpríomhfhoireann de cheathrar dul i dtaithí ar a bheith ag obair ónár seomraí leapa breise. Agus ba é Zoom an leannán sin a cheapamar nach raibh gá againn leis ach a bhfillimid air arís agus arís eile mar sin féin.
Cad a cheapann tú faoi na rudaí a d’fhéadfadh Ionaid Ealaíon a dhéanamh maidir le ‘clárú digiteach’ sa todhchaí?
Sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, is gá dúinn go léir bealaí nua corraitheacha a fhiosrú agus a chur ar fáil chun an bhearna idir an t-ealaíontóir agus an lucht féachana a shárú. Bealach amháin chun déanamh amhlaidh ná le hábhar ar líne agus cuirtear deis iontach ar fáil leis dul i bhfeidhm ar lucht féachana, ní hamháin inár bpobal áitiúil féin ach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta freisin. Is bealach den scoth é freisin teagmháil a dhéanamh go díreach lenár lucht féachana, ar na hardáin éagsúla, ach ní hé an t-aon bhealach atá ann. Níl teacht ag gach duine ar an idirlíon nó ní mhothaíonn gach duine sábháilte air, agus dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go leanaimid orainn ag aimsiú bealaí eile inar féidir linn teagmháil a dhéanamh lenár lucht féachana murar féidir linn ár bhfoirgnimh a oscailt.
Roimh an bpaindéim, an raibh ról ag ábhar digiteach i do chlár?
Ról an-bheag ar fad. Bhreathnaítí ar ábhar digiteach mar thacaíocht leis an bpríomhchlár, ach is é an príomhchlár anois é.
Cén saghas ábhair dhigitigh nó ábhair a chloígh leis an scaradh sóisialta a léirigh sibh le linn na tréimhse sin?
Bhí léirithe as láithreán ina bpríomhchuid de chlár Ionad Ealaíon na Tána riamh. Gach bliain, léirímid seó amharclainne teaghlaigh promanáide as láithreán ag Teach Áth na bhFearnaí agus d’oibrigh sé sin go han-mhaith le linn na tréimhse seo, toisc go raibh sé taobh amuigh agus go raibh daoine in ann an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm agus a mhothú go raibh siad sábháilte. Measaimid go bhfuil sé ríthábhachtach gan a bheith srianta ag teorainneacha ár bhfoirgnimh. All the world’s a stage… Anuas air sin, tá daoine ann nach smaoineodh ar cuairt a thabhairt ar Ionad Ealaíon riamh ar cibé cúis, ach is féidir leo an obair seo a fheiceáil i suíomh ina bhfuil siad níos compordaí. Le linn na dianghlasála, bhí sé ríthábhachtach nach mbraithfeadh an cumas saothar nua a léiriú ar ár bhfoirgneamh. Bhaineamar casadh as an rud a dhéanaimid: chuireamar Ealaín ar shráideanna Dhún Dealgan le sraith de shuiteáin shealadacha ealaíne poiblí, i bhfuinneoga siopaí agus gailearaithe fíorúla ar líne; choimisiúnaíomar agus d’fhoilsíomar scríbhneoireacht i nuachtáin áitiúla; reáchtálamar imeachtaí míosúla sruthaithe ceoil, clubanna leabhar ar líne, drámaí raidió, scannáin shruthaithe, seisiúin cheisteanna agus freagraí ar líne agus sealghabhálacha Instagram le healaíontóirí; agus rinneamar teagmháil leis na páistí inár lucht féachana, ag fiafraí díobh cén taithí a bhí acu féin ar an dianghlasáil agus céard a cheap siad de Covid-19, mar chuid den tionscadal “Big Stories From Little Worlds”, clár faisnéise raidió a léiríodh i gcomhar le LMFM.
Cad iad na buntáistí/míbhuntáistí a bhaineann le tionscnaimh a chruthú nó saothair a chur i láthair ar an gcaoi sin?
Buntáistí: Tá comhpháirtíochtaí nua cruthaithe againn le hionaid chúraim, nuachtáin, lucht an raidió áitiúil agus roinnt ealaíontóirí nár oibríomar leo roimhe seo toisc nach raibh an t-am againn.
Ait go leor, toisc go raibh an foirgneamh folamh, bhíomar in ann tacaíocht a chur ar fáil do níos mó ealaíontóirí ná mar a bhí riamh roimhe. Creidimid go bhfuil cónaitheachtaí ar cheann de na príomhbhealaí ar féidir le hionad tacú leis an ealaíontóir. Tugann siad an t-am, spás, maoiniú, acmhainní agus lucht féachana don ealaíontóir saothar a chruthú agus a fhorbairt. Mar gheall ar Covid, leathnaíomar ár ngnáthchónaitheachtaí ó aon amharc-ealaíontóir amháin agus compántas cónaithe go ceathrar ealaíontóirí agus ár gcompántas cónaithe in 2020.
Míbhuntáistí: Baineann cuid mhór dár gcuid oibre le háit a chur ar fáil dár bpobal, scoileanna agus grúpaí amaitéireacha chun a gcuid léirithe féin a chur ar stáitse. Ní rabhamar in ann é sin a dhéanamh le hocht mí anuas agus beidh an méid sin ama ar a laghad thart arís sula mbeimid in ann déanamh amhlaidh. Is grúpaí móra iad sin a mbíonn seónna móra á léiriú acu agus is féidir leo suas le sé mhí a chaitheamh ag cleachtadh. Ní féidir leo a bheith ag obair ar líne. Is iadsan is mó a airím uaim.
Ón méid atá ar bun agat le linn na tréimhse seo, ar fhoghlaim tú aon rud is ceart nó nach ceart a dhéanamh agus an rachaidh sin i bhfeidhm ar an méid a dhéanfaidh tú amach anseo?
Am an-chruthaitheach ar fad a bhí ann dár bhfoireann, creid é nó ná creid. Bhí ábhar nua á cheapadh i gcónaí agus ansin á chur in oiriúint do cibé srianta a bhí á dtabhairt isteach. Ní féidir leanúint mar sin go fadtéarmach, áfach. Tá sé an-deacair airgead a shaothrú as aon chuid dár gclár OFFSITE, seachas deonacháin a fháil. An t-aon chúis ar dir linn ár gcroífhoireann a choinneáil i bhfostaíocht ná scéim fordheontais pá an rialtais, agus nuair a thiocfaidh deireadh leis sin caithfimid a bheith in ann oscailt inár n-iomláine.
Agus ní dóigh liom gurb é an sruthú beo amháin an todhchaí fhadtéarmach. Tá comhfhuinneamh teannais neirbhísigh ann idir taibheoirí agus a lucht féachana nach féidir a athchruthú agus muid ar ár dtoilg. I ndiaidh dúinn teacht ar na bealaí nua nuálacha seo chun teagmháil a dhéanamh lenár lucht féachana, áfach, tá sé tugtha faoi deara againn go bhfuil daoine inár bpobal nach raibh in ann freastal ar sheónna beo inár bhfoirgneamh ar chúis amháin nó ar chúis eile, ach b’fhéidir go bhfuil an seans acu anois taitneamh a bhaint astu ón mbaile. Ní thiocfaidh an sruthú beo in áit a bheith i láthair san amharclann beo riamh, ach beidh sé mar chuid dár gclár agus muid go léir ag dul i dtaithí ar na bealaí nua oibre seo.