Bernadette Cronin agus Eimear Reidy, Gaitkrash Theatre Company, Killing Stella, 2017 (Grianghraf: Ger Fitzgibbon)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do amharclannaíocht agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Amharclannaíochta ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le Téatar 2018 (PDF, 0.57 MB).
Tá an-éagsúlacht ag baint le cúrsaí amharclainne in Éirinn agus a lán daoine ag tarraingt orthu. Tá éagsúlacht ag baint leis na compántais ghairmiúla léiriúcháin agus fás agus forbairt ag teacht orthu. Tá amharclannaíocht na hóige go tréan, agus tá líon an-mhór compántas drámaíochta amaitéarach i gceist freisin. I measc na gcompántas gairmiúil príomhshrutha tá an Institiúid Cultúrtha Náisiúnta sin, an Amharclann Náisiúnta (Amharclann na Mainistreach agus na Péacóige); go leor ionad léiriúcháin, féilte tiomanta don amharclannaíocht agus comhpháirteanna amharclainne i bhféilte eile. Tá eagraíochtaí acmhainne agus seirbhíse, táirgeoirí tráchtála; agus tionscail choimhdeacha i gceist san earnáil seo freisin. Tá níos mó agus níos mó sainchompántas gairmiúil léiriúcháin ag obair san ealaín taibhléirithe, puipéadóireacht, láimhseáil nithe agus teicneolaíochtaí nua.
Is réimse tacaíochta casta atá san amharclannaíocht don Chomhairle Ealaíon, mar go mbaineann sé leis na ceithre réimse maoinithe atá ag an gComhairle chomh maith le tacaíocht d'ealaíontóirí aonair. Tá tacaíocht shuntasach dírithe ar chompántais léiriúcháin agus ar ionaid tionóil. Cuireann an Chomhairle Ealaíon cistí ar fáil i gcomhair seirbhísí gairmiúla d'amharclann óige agus do lucht na drámaíochta amaitéaraí.