Owen Gilhooly i ról Escamillo, Carmen, Opera Theatre Company.
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do litríocht agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt
Beartas Ceoldrámaíochta na Comhairle Ealaíon
I mí na Nollag, 2011, ghlac an Chomhairle Ealaíon le beartas (DOC, 0.10 MB) nua maidir leis an gceoldrámaíocht ina leagtar síos conas a dhéanfaidh sí an cheoldrámaíocht a chur chun cinn agus a fhorbairt in Éirinn. Ar aon dul le cur chuige na Comhairle maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhoirmeacha ealaíne eile, tá an
beartas bunaithe ar thacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí agus do chleachtóirí na ceoldrámaíochta agus ar a chur ar a gcumas ceangal a dhéanamh leis anbpobal.
Ag cur san áireamh na srianta a bhí le sárú i dtréimhse ina raibh cor chun donais eacnamaíoch agus laghdú ar mhaoiniú poiblí, seachadfaidh an Chomhairle an beartas seo thar an meántéarma (4/5 bliana ag tosú in 2012) trí thacaíocht a thabhairt do léiriú agus do thaibhiú dúchasach na ceoldrámaíochta trí thacaíocht a thabhairt go díreach don ealaíontóir nó don chleachtóir ceoldrámaíochta aonair.
Is éard a bheidh i gceist le léiriú agus taibhiú na ceoldrámaíochta leanúint de thacaíocht a thabhairt don obair a dhéanann dhá phríomheagraíocht mhaoinithe agus deiseanna breise agus comhlántacha a chur ar fáil ag an am céanna ina spreagtar an earnáil chun bealaí nua oibre a phlé. Imeasc na ndeiseanna maoiniúcháin sin tá:
- an Dámhachtain um Léiriúchán Ceoldráma, a cuireadh ar bun chun tograí atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí a spreagadh ó na daoine sin ar mian leo ceoldráma príomhscála, meánscála nó
mionscála a léiriú agus a chur i láthair
- an Dámhachtain Tionscadail Cheoldrámaíochta ina ndírítear ar thacaíocht a thabhairt do thograí atá bunaithe ar chomhpháirtíocht chun saothar nua a fhorbairt agus/nó a chur iláthair, ar mionscála i dtosach.
Leis an gcur chuige seo tá sé beartaithe deiseanna a chruthú don lucht féachana chun sult a bhaint as léiriúcháin dhúchasacha ceoldrámaíochta ar fud raon leathan seánraí agus scálaí lena n-áirítear, mar atá sé beartaithe, léiriú saothair ar mórscála i mBaile Átha Cliath agus i gcathracha eile. I ngach sruth maoiniúcháin tabharfar tús áite do thograí ealaíonta d’ardfhiúntas a bhfuil comhpháirtíochtaí breisluacha idir ealaíontóirí, táirgeoirí agus ionaid léirithe ina ngné díobh. Meastar go bhfeabhsófar tionchar agus luach infheistíocht an mhaoiniúcháin phoiblí de bharr go dtugtar tús áit dóibh sin.