In 2022 thug an Chomhairle Ealaíon faoi phróiseas comhairliúcháin chun tuiscint níos fearr a fháil ar na rudaí ar féidir linn a dhéanamh chun tacú leis an bpobal ealaíon gníomhú agus chun dul i ngleic le gníomhaíocht aeráide muid féin. Tugadh faoi seo
i gcomhpháirtíocht le Julie’s Bicycle EU, foireann a thugann neart taithí ó chian agus ó chóngar - ó thaithí Julie’s Bicycle le déantúsaíocht beartais chultúrtha idirnáisiúnta agus 10
mbliana mar chomhpháirtí ar chlár timpeallachta na Comhairle Ealaíon Shasana, go dtí an obair cheannródaíoch d’Imeachtaí Dúchasacha agus an Tionscnamh Ealaíon Glas in Éirinn chun cleachtais inbhuanaithe a thabhairt d’imeachtaí Éireannacha agus ionaid
ealaíon Éireannacha.
Thar thréimhse sé mhí rinneadh próiseas comhairliúcháin dhomhain le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, oibrithe ealaíon agus páirtithe leasmhara níos leithne chun bonn eolais a chur faoi fhorbairt ár mBeartas um Ghníomhú ar son na hAeráide. Chuimsigh
an próiseas comhairliúcháin suirbhé ar fud an tionscail, agallaimh inmheánacha agus seachtracha agus imeacht comhchéime.
Cuireadh an Tuarascáil Achoimre
Comhairliúcháin
(i mBéarla) i dtoll a chéile ina bhfuil príomhthorthaí agus conclúidí. Tá leagan Gaeilge ar fáil freisin. Tá Torthaí
an tSuirbhé ar Ghníomhú ar son na hAeráide agus leagan níos soléite de na Miontuairiscí Amhairc
ar an gComhchruinniú
ar fáil go poiblí freisin. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le gach duine a ghlac páirt sa phróiseas comhairliúcháin.