Tá an ghéarchéim aeráide ag titim amach go pras agus is gá dúinn ar fad gníomhú ar scála mór agus ar luas lasrach. Tá aithint níos mó ar na healaíona le déanaí mar acmhainn le haghaidh athrú claochlaitheach, ar leibhéal idirnáisiúnta, náisiúnta agus áitiúil.
In 2022 thug an Chomhairle Ealaíon faoi phróiseas comhairliúcháin domhain 6 mhí chun tuiscint a fháil ar na rudaí ar féidir linn a dhéanamh chun tacú leis an bpobal ealaíon gníomhú agus chun dul i ngleic le gníomhaíocht aeráide muid féin. Chuimsigh an
próiseas comhairliúcháin suirbhé ar fud an tionscail, agallaimh inmheánacha agus seachtracha agus imeacht comhchéime.
Níos déanaí in 2023, tá sé beartaithe againn ár mbeartas um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Comhshaoil a fhoilsiú a léireoidh ár dtiomantas cabhrú lenár gcuspóirí aeráide náisiúnta a bhaint amach agus na healaíona a chur ar thús cadhnaíochta i ngníomhú
ar son na haeráide agus ar son an chomhshaoil. Táimid tiomanta do ghníomhaíocht chorparáideach a dhéanamh de réir cuspóirí, spriocanna agus pleananna aeráide náisiúnta freisin.
Go luath in 2024 cuirfear oiliúint agus acmhainní aeráide agus comhshaoil ar leith ar fáil don earnáil. Fad is a shocraímid na tacaíochtaí seo, tá roinnt acmhainní úsáideacha maidir le gníomhú ar son na haeráide curtha le chéile againn faoi láthair chun
cabhrú leo siúd atá ag iarraidh a dturas aeráide agus comhshaoil a thosú nó a chur chun cinn. Is féidir na hacmhainní seo a fháil thíos agus tá raon acu ó fhaisnéis ghinearálta aeráide agus chomhshaoil go deontais/maoiniú rialtais chun tacú le do
thuras.