Plean Forfheidhmithe Bheartas an Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus na hIonchuimsitheachta (CÉI) 2023-2028
Tá an Chomhairle Ealaíon tar éis a Plean Forfheidhmithe Bheartas an Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus na hIonchuimsitheachta (CÉI) 2023-2028 a sheoladh, mar thiomantas dá n-aistear leanúnach chun pobal ealaíon níos ionchuimsithí a chruthú.
Tá sé phríomhghníomh sa Phlean Forfheidhmithe a théann i ngleic le réimsí a bhfuil gá le dul chun cinn a dhéanamh iontu.
Is iad seo:
- gur féidir le sainmhínithe na Comhairle Ealaíon ar fhoirmeacha ealaíne agus ar chleachtais a bheith níos ionchuimsithí;
- gur féidir teacht níos éasca a bheith ar ár samhail mhaoinithe;
- gur féidir feabhas a chur ar an imeascadh CÉI lenár gcleachtais oibre agus lenár tacaíocht agus rannpháirtíocht in earnáil na n-ealaíon;
- gur féidir an t-eolas atá againn faoi na constaicí rannpháirtíochta agus cuir chuige neamhsheasmhacha maidir leis an gcumarsáid agus leis an bhfor-rochtain a fhorbairt;
- agus go mbeidh monatóireacht agus measúnacht leanúnach á ndéanamh againn ar thograí CÉI.
Léiríonn forbairt ar Phlean Forfheidhmithe CÉI 2023-2028 tiomantas leanúnach na Comhairle Ealaíon do dheireadh a chur le bacainní a choisceann rochtain iomlán ar na healaíona agus rannpháirtíocht iontu in Éirinn.