Léiríonn Beartas agus Straitéis um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon (CCDÉ) ár dtiomantas chun ár dtuiscint ar neamhionannas sna healaíonta a dhoimhniú, agus slite substaintiúla a fhorbairt chun dul i ngleic leis an neamhionannas sin. Bailíonn an tSraith Straitéisí seo samplaí de dhea-chleachtas d’fhonn tacú le heagraíochtaí
ealaíne ar an aistear chun comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsitheacht a chur chun cinn. Chuige sin, is gá dúinn ar fad ról a imirt le hathrú a chur ar bun.
Tá an tSraith Straitéisí seo beartaithe chun tacú le heagraíochtaí i gcur i
bhfeidhm bearta dearfacha polasaí le comhionannas deiseanna, rochtana agus torthaí a chur chun cinn ar son gach duine atá ina chónaí in Éirinn, beag beann ar inscne, chlaonadh gnéis, stádas sibhialta nó teaghlaigh, aois, chine nó bhallraíocht den
lucht siúil (is é sin le rá, na naoi dtréithe cosanta faoi na hAchtanna um Stádas Comhionann 2000–2018).
Ina theannta sin, tarraingíonn an Chomhairle Ealaíon aird ar an gcúlra socheacnamaíoch mar fhoras eile ina gcaithfear comhionannais deiseanna,
rochtain agus torthaí a chinntiú. Tairgeadh an tSraith Straitéisí seo chun tacú le heagraíochtaí ealaíne a mBeartas agus bPleananna Gníomhaíochta um Chomhionannais, Éagsúlacht agus Ionchuimsitheacht a ullmhú agus a thairgeadh. Tá an tSraith Straitéisí
seo beartaithe chun cabhrú le heagraíochtaí CÉI a leabú go daingean mar luachanna a bheidh mar bhonn taca faoina ngníomhartha.
Léigh anseo: Sraith Straitéisí i gcomhair Comhionannais, Éagsúlachta agus Ionchuimsitheachta