Tugaimid gealltanas i mBeartas na Comhairle Ealaíon maidir le Comhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht chun
tuilleadh faisnéise a bhailiú faoi na healaíontóirí a chuireann isteach ar mhaoiniú agus a fhaigheann maoiniú, agus na sonraí seo a thuairisciú ar bhonn bliantúil. Déanaimid amhlaidh le léargas soiléir a thabhairt ar easnaimh nach bhfuilimid ag tabhairt
aghaidh orthu agus le bearta nua a mhúnlú le haghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin.
D’fhoilsíomar tuarascáil an 23 Lúnasa ina gcuimsítear sonraí a bailíodh i rith na bliana 2022. Tugtar sonraí sa tuarascáil seo orthu siúd go léir a rinne iarratas ar mhaoiniú agus fuair é ó fud ár ndámhachtainí aonair. Tugtar léargas inti freisin ar iarratasóirí
ar scéimeanna speisialta a oibríonn tríú páirtithe ar ár son Scéim na nEalaíontóirí sa Phobal arna bhainistiú ag Create, agus Ceangal na nEalaíon agus an Mhíchumais arna bainistiú ag Arts & Disability Ireland.
Le tuiscint a fháil ar ionadaíocht dhéimeagrafach choibhneasta na n-iarratasóirí agus na bhfaighteoirí, déantar comparáid idir méadracht na tuarascála agus daonra na hÉireann ó Dhaonáireamh 2022.
Léigh an tuarascáil iomlán anseo: Sonraí Comhionannais agus Dámhachtainí na Comhairle Ealaíon 2022
Is iad na difríochtaí seo a leanas na cinn ba ghéire a aithníodh, agus téann siad leis na patrúin a bhí ann sa bhliain roimhe:
Inscne: Tá cion níos airde d’iarratasóirí agus d’fhaighteoirí a aithníonn iad féin mar bhaineann i gcomparáid leis an daonra ginearálta. Is iondúil gurb iad na daoine a aithníonn mar neamh-dhénártha a chuireann isteach ar agus a fhaigheann an luach
dámhachtana is mó luacha.
Míchumas: Tá daoine aonair a aithníonn mar dhaoine atá faoi mhíchumas faoi ghannionadaíocht i measc na n-iarratasóirí agus na bhfaighteoirí i gcomparáid leis an daonra ginearálta. Ar an meán, is iad na daoine a d’fhreagair ‘Tá’ (ag tabhairt le
fios go bhfuil siad faoi mhíchumas) a chuireann isteach ar agus a fhaigheann an luach dámhachtana is lú luacha.
Eitneacht: D’aithin formhór na n-iarratasóirí iad féin mar Éireannach Geal, rud atá ar aon dul le sonraí Dhaonáirimh 2022. Is airde an ráta rathúlachta freisin i measc iarratasóirí ó chúlraí Geala nó ó chúlraí Éireannacha Geala. Tá an ráta is ísle
iarratas agus dámhachtainí i measc daoine aonair a aithnítear mar Eile nó Measctha, Áiseach nó Éireannach de bhunús na hÁise, Gorm nó Éireannach Gorm, nó daoine den Lucht Siúil.
Tíreolaíocht: Tá an iomarca ionadaíochta ag Baile Átha Cliath maidir le sciar na n-iarratasóirí agus na bhfaighteoirí i gcomparáid leis an daonra. Tá an iomarca ionadaíochta de bheagán chomh maith ag Corcaigh, Gaillimh, Cill Mhantáin, an Clár agus
Sligeach sna hiarratais.
Tuarascálacha roimhe seo
I mí an Mhárta 2021, d’fhoilsíomar ár gcéad tuarascáil bhliantúil ar inscne, míchumas agus eitneacht thar ár ndámhachtainí maoinithe do dhaoine aonair. Clúdaíonn na tuarascálacha seo a leanas sonraí a bailíodh le linn na mblianta féilire 2020 agus 2021: