Beidh Scoileanna Ildánacha 2024 ag glacadh le hiarratais go
dtí an spriocdháta ag 17.30 Déardaoin, 2 Bealtaine 2024.
Tá gach bunscoil agus iar-bhunscoil atá
aitheanta ag an Roinn Oideachais mar aon le hionaid Ógtheagmhála nach raibh
páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo incháilithe chun
iarratas a dhéanamh.
Ceisteanna Coitianta
Ni mór duit cuntas a
shocrú do do scoil/ionad ar chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil
ar an bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle
Ealaíon. Nuair a shocraíonn tú an cuntas seo, cláraigh do scoil/ionad mar
‘eagraíocht/ghrúpa’ le do thoil (seachas mar dhuine aonair). Déan cinnte go bhfuil ainm do
scoile/d’ionaid mar an gcéanna leis an ainm a úsáidtear ar chuntas bainc do
scoile/ionaid.
Nuair atá tú cláraithe eiseofar uimhir thagartha ‘ARN’
chugat le haghaidh do scoile/ionaid.
Bain úsáid as
uimhir thagartha (‘ARN’) do scoile/ionaid chun logáil isteach sa choras
Seirbhísí ar Líne.
Sa
chás go bhfuil do scoil/d’ionad cláraithe le Seirbhísí ar Líne na Comhairle
Ealaíon cheana féin, ní gá duit clárú arís. Ba cheart duit ARN (uimhir
thagartha) do scoile/d’ionaid a úsáid chun logáil isteach agus iarratas a
dhéanamh. Tá na Treoirlínte D’Iarratasóirí ar fáil anseo.
Cliceáil ar chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon (OLS) anseo
chun chuntas a shocrú do do scoil/ionad.
Ni mór duit cuntas a
shocrú do do scoil/ionad ar chóras Seirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil ar an
bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon.
Nuair a shocraíonn tú an cuntas seo, cláraigh do scoil/ionad mar
‘eagraíocht/ghrúpa’ le do thoil (seachas mar dhuine aonair). Déan cinnte go bhfuil ainm do
scoile/d’ionaid mar an gcéanna leis an ainm a úsáidtear ar chuntas bainc do
scoile/ionaid.
Laistigh
de chúig lá oibre, seolfar Uimhir Thagartha Ealaíne (ARN) uathúil agus
pasfhocal chugat trí ríomhphost, agus beidh tú in ann úsáid a bhaint astu chun
logáil isteach i gcuntas na scoile/an ionaid ar chóras Sheirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon agus rochtain a fháil ar an bhfoirm iarratais. Fad atá tú ag fanacht le
bheith cláraithe, léigh na Treóirlínte
D’Iarratasóirí go mion agus breathnaigh ar na ceisteanna coitianta.
Sa chás go bhfuil do scoil/d’ionad cláraithe le
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon cheana féin, ní gá duit clárú arís. Ba
cheart duit ARN (uimhir thagartha) do scoile/d’ionaid a úsáid chun logáil
isteach agus iarratas a dhéanamh.
Ní mór duit cuntas a shocrú do
do scoil/ionad ar chóras Seirbhísí ar Líne na
Comhairle Ealaíon (OLS) chun rochtain a fháil ar an
bhfoirm iarratais agus chun d’iarratas a dhéanamh chuig an gComhairle Ealaíon.
Ní mór duit d’iarratas a chur isteach ar chóras Seirbhísí
ar Líne na Comhairle Ealaíon.
Sa
chás nach bhfuil cuntas Seirbhísí ar Líne ag do scoil/d’ionad, tosaigh ceann anseo
le do thoil.
Ní féidir. Ní mór gach iarratas a dhéanamh trí Sheirbhísí
ar Líne na Comhairle Ealaíon. Ní ghlacfar le hiarratais a dhéanfar
ar bhealach ar bith eile (sa phost, ar facs ná ar ríomhphost).
Sa
chás nach bhfuil cuntas Seirbhísí ar Líne ag do scoil/d’ionad, tosaigh ceann anseo
le do thoil.
Is ‘Uimhir Thagartha Ealaíne’ do
scoile/ionaid é ARN, agus is é sin uimhir thagartha comhaid do scoile/ionaid sa
Chomhairle Ealaíon. Beidh sé seo ag
teastáil uait chun rochtain a fháil ar do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Is féidir leat dul i
dteagmháil le foireann na Scoileanna Ildánacha agus tabharfaidh siad ARN
(uimhir thagartha) do scoile/ionaid duit. Ríomhphost: creativeschools@artscouncil.ie
Má bronnadh Scoileanna Ildánacha ort cheana féin, is
féidir leat tagairt a dhéanamh don chomhfhreagras a fuair tú ón gComhairle
Ealaíon ag tairiscint na dámhachtana duit, agus beidh ARN do scoile/ionad ann.
Ar an leathanach
don logáil isteach le haghaidh chóras
Seirbhísí ar Líne na Comhairle Ealaíon, tá rogha ann ‘Rinne mé dearmad ar mo
phasfhocal’ a roghnú. Nuair a
chliceálann tú air seo, ginfidh an córas pasfhocal nua do do scoil, agus
seolfaidh sé go huathoibríoch é chuig an seoladh ríomhphoist atá curtha isteach
agat i do chuntas Seirbhísí ar Líne.
Ní
chaithfidh. Ní bheidh ort na sonraí sin a sholáthar ach amháin sa chás go
mbronntar deontas ort.
Is féidir, tá na Treoirlínte
D’Iarratasóirí agus foirm iarratais ar fáil trí Ghaeilge agus trí
Bhéarla araon trí chóras
Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Fáiltímid roimh
iarratais trí Ghaeilge.
Ní féidir. Má tá am fágtha fós roimh spriocdháta an iarratais, is féidir leat d’fhoirm a cheartú ar do ríomhaire as líne, agus ansin logáil isteach ar Sheirbhísí ar Líne agus iarratas nua a chur isteach. Is féidir linn an t-iarratas a fuarthas níos luaithe a tharraingt amach.
Ar an drochuair, ní féidir. Má tá am
fágtha fós roimh spriocdháta an iarratais, is féidir
leat d’fhoirm a cheartú ar do ríomhaire as líne, agus ansin logáil isteach ar Sheirbhísí
ar Líne agus iarratas nua a chur isteach. Is féidir linn an t-iarratas a
fuarthas níos luaithe a tharraingt amach.
Cuirfear réimse tacaíochtaí ar fáil do scoileanna/ionaid rannpháirteacha
lena n-áirítear oibriú le Comhlach Cruthaitheach chun tacú leo a bPlean
Scoileanna Ildánacha a chruthú, agus deontas bunráta dar luach €4,000 (san
iomlán) chun a gcuid pleananna a chur chun feidhme thar an dá scoilbhliain
2023–24 agus 2024–25.
Féadfaidh scoileanna/ionaid incháilithe iarratas a dhéanamh ar Scoileanna Ildánacha 2024 agus Braislí Cruthaitheacha 2024 araon. Is tionscnamh é Braislí Cruthaitheacha de chuid na Roinne Oideachais, faoi cheannas agus i gcomhpháirtíocht le fiche a haon Ionad Oideachais do Mhúinteoirí lánaimseartha (Ionaid Tacaíochta Oideachais na hÉireann). Tá na Braislí Cruthaitheacha á maoiniú trí Chiste Sármhaitheasa Scoileanna.
Ní féidir le scoileanna/ionaid páirt a ghlacadh i Scoileanna Ildánacha agus Braislí Cruthaitheacha ag an am céanna, áfach. Fágann sé seo gur féidir le scoileanna/ionaid a chuireann isteach ar an dá thionscnamh go rathúil ach glacadh le tairiscint ó Scoileanna Ildánacha 2024 nó ó Braislí Cruthaitheacha 2024.
Níl, is tionscnaimh ar leithligh iad.
Tá siad araon faoin gcolún ‘Óige Ildánach’ de chlár Éire Ildánach agus sa Phlean
Óige Ildánach.
Iarraimid ort intinn oscailte a
choinneáil agus gan pleananna a shocrú duit féin do thionscadail ná d’imeachtaí
ar leith ag céim an iarratais. Mar sin féin, i d’fhoirm iarratais, sainaithin
tosaíochtaí forbartha do scoile/ionaid agus tabhair eolas eile a spreagann na
ceisteanna san fhoirm iarratais. Má roghnaítear do scoil/ionad chun páirt a
ghlacadh sa chlár, ceapfar Comhlach Cruthaitheach duit, a thacóidh leat féin
agus leis na leanaí/na daoine óga i do scoil/ionad chun do Phlean Scoileanna
Ildánacha a thógáil le chéile.
Soláthraíonn na Treoirlínte
D’Iarratasóirí anseo eolas faoi Scoileanna Ildánacha agus cad ba cheart a chur san áireamh i
d’iarratas.
Ainmníonn
gach scoil/ionad rannpháirteach Comhordaitheoir Scoileanna
Ildánacha le bheith rannpháirtíocht sa tionscnamh. Ní mór go mbeadh an
príomhoide nó múinteoir sin fostaithe sa scoil faoi láthair.
Íoctar as ionadaíocht chun an
Comhordaitheoir Scoile a chlúdach chun freastal ar sheisiúin oiliúna Scoileanna
Ildánacha.
Is féidir, déanfaimid iarracht
Comhlach Cruthaitheach a bhfuil Gaeilge acu a phéireáil leat agus is féidir an
cháipéisíocht ar fad a chuirimid ar fáil a chur i gcrích i nGaeilge chomh
maith.
Ní roghnaíonn. Tá painéal bunaithe de Chomhlaigh
Chruthaitheacha ag ár bhfoireann. Meaitseálfar gach scoil/ionad
rannpháirteach le Comhlach Cruthaitheach. Tá meatsáil bunaithe ar ghaireacht
gheografach, chomh fada agus is féidir.
Mar sin féin, roghnaíonn do scoil/ionad na
healaíontóirí gairmiúla seachtracha agus cleachtóirí cruthaitheacha eile a
d’fhéadfá a bheith ag obair leo ar thionscadail agus ar ghníomhaíochtaí a
eascraíonn as Plean Scoileanna Ildánacha do scoile. Is féidir le do Chomhlach Cruthaitheach
comhairle a thabhairt duit agus cabhrú le do scoil/ionad naisc a dhéanamh le
healaíontóirí, cleachtóirí cruthaitheacha, grúpaí cultúrtha agus eagraíochtaí.
Cláraigh le Nuachtlitir Scoileanna Ildánacha, agus le Nuachtlitir na Comhairle Ealaíon a gheobhaidh tú go míosúil, i gcomhair deiseanna sa todhchaí agus nuacht a bhaineann leis na healaíona; agus seiceáil Tairseach na nEalaíon san Oideachas le haghaidh nuachta ealaíon agus oideachais agus samplaí cleachtais.
Gheobhaidh tú faisnéis maidir le Scoileanna Ildánacha ar shuíomh gréasáin na Comhairle Ealaíon anseo
Déan teagmháil le creativeschools@artscouncil.ie
go díreach, nó:
- Rebecca Lam – 087 214 3131
-
- Natalie Byrne – 087 278
6276
-
- Erin McNulty – 087 280
5422