
Ar mhaith
leat a bheith i do Scoil Chruthaitheach?
Beidh Scoileanna Ildánacha 2025 ag glacadh le hiarratais ó 25 Feabhra 2025 go dtí an spriocdháta ag 17.30 Déardaoin, 08 Bealtaine 2025.
Déan iarratas anseo.
Tugaimid cuireadh do do scoil nó d’ionad Ógtheagmhála a bheith páirteach i Scoileanna Ildánacha 2024 chun taiscéalaíocht scoile uile a dhéanamh ar chruthaitheacht agus na healaíona, agus Plean Scoileanna Ildánacha a fhorbairt do do scoil nó d’ionad.
Cuirimid fáilte roimh iarratais ó ionaid Ógtheagmhála agus ó gach bunscoil agus iar-bhunscoil atá aitheanta ag an Roinn Oideachais, atá páirteach sa Scéim Saoroideachas, agus nach raibh páirteach i mbabhta de Scoileanna Ildánacha roimhe seo.
Cuirimid trí phríomhthacaíocht phraiticiúla ar fáil:
- Tacaíocht chruthaitheach agus sainchomhairle ó Chomhlach Cruthaitheach atá sannta do gach scoil/ionad
- Oiliúint agus líonrú
- Deontas €4,000 i dtreo gníomhaíochtaí a eascraíonn as Pleananna Scoileanna Ildánacha.
Costais rochtana:
Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta dár gcláir mhaoinithe agus an obair a mhaoinímid a dhéanamh inrochtana do chách.
Tógann an Chomhairle Ealaíon an sainmhíniú ar mhíchumas ó Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas, ina sonraítear: ‘Áirítear i measc daoine faoi mhíchumas na daoine sin ar a bhfuil mallachair fhadtéarmacha de chineál fisiciúil, meabhrach, intleachtúil nó céadfach ar mallachair iad, nuair a nasctar iad le nithe eile, a d’fhéadfadh a bheith ina gcúis le cosc ar pháirteachas iomlán éifeachtach sa tsochaí ar an mbonn céanna le daoine eile.’ Is
féidir a áireamh mar chostais rochtana costais rochtana pearsanta chomh maith le costais as saothair Scoileanna Ildánacha do scoile a dhéanamh inrochtana do gach duine a ghlac páirt ann.
Clinicí faisnéise ar líne
Tá clinicí faisnéise ar líne ar fáil do mhúinteoirí agus do phríomhoidí/comhordaitheoirí bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna, Scoileanna Speisialta agus Ionaid Ógtheagmhála ar spéis leo bheith páirteach i gclár na Scoileanna Ildánacha 2025. Fiosróimid
ceisteanna coitianta agus dúshláin choiteanna – lena n-áirítear treoir céim ar chéim ar an bpróiseas iarratais ar líne agus conas clárú leis an gComhairle Ealaíon chun rochtain a fháil ar an gcóras iarratais.
Cuir d’áit in áirithe ag ceann dár gclinicí faisnéise ar líne chun tuilleadh eolais a fháil.
Treoirlínte d’Iarratasóirí
Tá na treoirlínte ar fáil anseo. Déantar gach iarratas chuig an gComhairle Ealaíon trí chóras Seirbhísí ar Líne de chuid na Comhairle Ealaíon. Chun teacht ar an bhfoirm
iarratais agus chun iarratas a dhéanamh, socraigh cuntas eagraíochta do do scoil nó d'ionad Ógtheagmhála ar chóras seirbhísí ar líne na Comhairle Ealaíon anseo.
Ceisteanna Coitianta:
Léigh anseo liosta de cheisteanna coitianta faoi iarratas a dhéanamh ar Chlár na Scoileanna Ildánacha.
Eolas breise
Tá físeán gearr maidir le haistear na Scoileanna Ildánacha ar fáil anseo:
Acmhainní
do Scoileanna Ildánacha reatha
Acmhainní do Chomhordaitheoirí Réigiúnacha:
Cás-staidéir: