Tionscnamh suaitheanta is ea Scoileanna Ildánacha den chlár Éire Ildánach chun poitéinseal na cruthaitheachta i ngach leanbh a chumasú. Tá Scoileanna Ildánacha faoi threoir na Comhairle Ealaíon i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais agus an Roinn Turasóireachta,
Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Fuair an tionscnamh treoir freisin ó straitéis deich mbliana na Comhairle Ealaíon (2016–25), Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Forbairt na nEalaíon in Éirinn a Threorú.
Tacaíonn tionscnamh na Scoileanna Ildánacha le scoileanna/le hionaid leis na healaíona agus an chruthaitheacht a chur i gcroílár shaol na leanaí agus na ndaoine óga. Faoin tionscnamh seo, cuirtear deiseanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga cur lena
gcuid scileanna ealaíne agus cruthaitheachta; chun cumarsáid a dhéanamh, chun comhoibriú le chéile, chun a samhlaíocht a mhúscailt, chun a gcumas nuálaíoch a chothú, agus chun leas a bhaint as a gcuid fiosrachta. Cuirfidh sé ar chumas leanaí agus
daoine óga na healaíona agus gníomhaíocht chruthaitheach a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas ar fud a scoileanna/ionad agus spreagfar bealaí oibre nua lena neartófar tionchar na cruthaitheachta ar chumas foghlama, ar fhorbairt agus ar fholláine
leanaí agus daoine óga.