Tugann
Cónaitheachtaí DÓLO (Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas) tacaíocht
d’ealaíontóirí nó d’eagraíochtaí ealaíne bliain acadúil a chaitheamh ina gcónaí
in Institiúid Ardoideachais in Éirinn a chuireann Oiliúint Tosaigh do
Mhúinteoirí ar fáil (oideachas bunscoile, iarbhunscoile nó breisoideachais).
Tugadh tacaíocht do na healaíontóirí cónaithe seo a leanas ar feadh na tréimhse
2012 – 2021:
An
t-ealaíontóir ildisciplíneach Colm Ó Foghlú (Institiúid Oideachais Ollscoil
Chathair Bhaile Átha Cliath)
Mark
Joyce, Amharc-Ealaíontóir (Institiúid Oideachais Marino)
Kevin
Gaffney, Amharc-Ealaíontóir (Institiúid Oideachais Marino)
Maeve
Clancy, Amharc-Ealaíontóir (Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh)
Desi
Wilkinson, Ceoltóir Traidisiúnta (Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh)
Deirdre
Dwyer, Ealaíontóir Amharclannaíochta (Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil
Luimnigh)
Peter
Hussey, Scéalaí (Ollscoil Mhá Nuad)
Anne-Marie
O’Farrell, Cumadóir (Coláiste Mhuire Gan Smál, Ollscoil Luimnigh)
Branar, Téatar do Pháistí
(Coláiste Mhuire Gan Smál,
Ollscoil Luimnigh)
Amharclann
Rince, CoisCéim (Coláiste Phádraig, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha
Cliath atá ann anois)
Sheena
Wilkinson, Alan Nolan, Claire Hennessy le Leabhair Pháistí Éireann (Coláiste Oideachais Eaglais na hÉireann, Institiúid
Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá ann anois)
Lisa
Cliffe, Ealaíontóir Damhsa (Roinn Froebel Bunoideachais agus Oideachais
Luathóige, Má Nuad)
An
Fidelio Trio (Coláiste Phádraig, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile
Átha Cliath atá ann anois)
In 2022, thug
an Chomhairle Ealaíon tacaíocht do thuilleadh cónaitheachtaí in Oiliúint
Tosaigh Múinteoirí. Chomh maith leis sin, is féidir le hinstitiúidí a
thairgeann cáilíocht aitheanta in Oideachas Cúraim agus Luath-Óige iarratas a
dhéanamh. Tá sé mar aidhm ag na cónaitheachtaí:
Deiseanna
a chur ar fáil d’ealaíontóirí a gcuid scileanna a fhorbairt chomh maith lena
dtaithí ar shuíomhanna oideachais, agus a saothar ealaíne a fhorbairt i dtimpeallacht
chomhoibritheach agus thacúil;
Deiseanna
a chur ar fáil don fhoireann teagaisc in Oiliúint Tosaigh Múinteoirí agus in
Oideachas Cúraim agus Luath-Óige oibriú i gcomhar le healaíontóirí cleachtacha
chun tionscnaimh chruthaitheacha, shaincheaptha a chruthú i gcomhpháirt lena
scoláirí, do na scoláirí céanna;
Tacaíocht
a thabhairt d’ábhair oidí agus do chleachtóirí luathoideachais oibriú i gcomhar
le healaíontóirí atá ag cleachta a ngairme mar chuid dá n-eispéiris foghlama;
Tacaíocht
a thabhairt d'ábhar oidí í agus do chleachtóirí luath-óige chun na scileanna
agus an mhuinín a fhorbairt chun taithí fhiúntach ar na healaíona a éascú dá
gcuid scoláirí sna scoileanna agus sna suíomhanna ina n-oibríonn siad, agus
chun na healaíona a chur chun cinn sna suíomhanna sin.
Cuirfear tús leis an tréimhse inar féidir
iarratais a chur isteach ó Dé Máirt, 8 Márta 2022 ar aghaidh agus is é an 7
Aibreán 2022 an spriocdháta. Ba cheart d’Institiúidí Ardoideachais iarratas a
dhéanamh i gcomhpháirtíocht le healaíontóir beartaithe nó le heagraíocht
ealaíne. Beidh fáil ar na treoirlínte go
luath.