Buachaill ag damhsa. Lána Gairtéir. (Grianghraf: Derek Speirs)
Tabhair faoi deara go bhfuil treoirlínte foilsithe ag an gComhairle Ealaíon roimhe seo maidir le cosaint agus leas leanaí agus daoine óga in earnáil na n-ealaíon. Ó foilsíodh na treoirlínte sin, bunaíodh Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, agus rinneadh roinnt athruithe tábhachtacha ar an reachtaíocht. Ba chóir do dhaoine aonair agus d’eagraíochtaí ealaíon breathnú ar www.tusla.ie le haghaidh na treorach is déanaí i dtaca le cosaint agus leas leanaí.
Tar éis achtú an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus fhoilsiú na cáipéise athbhreithnithe, Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí, 2017, tá an Chomhairle Ealaíon ag tacú le hearnáil na n-ealaíon mar is gnách ar mhaithe le dea-chleachtas a chur chun cinn maidir le cosaint agus leas leanaí.
Maidir leis na heagraíochtaí ealaíne uile, na grúpaí uile agus na healaíontóirí aonair uile a bhíonn ag obair le leanaí, tá sé de dhualgas orthu na leanaí sin a choinneáil slán ó chontúirt agus cur lena sábháilteacht agus lena bhfolláine, de réir na reachtaíochta agus na treorach náisiúnta.
Cuireann an Chomhairle Ealaíon na príomhphrionsabail a threoraíonn dea-chleachtas i gcosaint agus leas leanaí chun cinn, agus aithníonn sí na cearta atá ag leanaí iad a chosaint ó dhíobháil, caitheamh leo le hómós, éisteacht leo agus a gcuid tuairimí a chur san áireamh; ag aithint go bhfuil gach duine freagrach as sábháilteacht agus leas leanaí agus gur chóir go mbeadh dea-leasa an linbh tábhachtach thar aon rud eile.
Tá an beartas náisiúnta maidir le cosaint agus leas leanaí bunaithe ar chreat dlíthiúil a fhoráiltear den chuid is mó leis an Acht um Chúram Leanaí, 1991 agus leis an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Tugtar breac-chuntas ar an mbeartas agus ar an gcleachtas a bhfuil feidhm acu sa réimse seo in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.
Cuireadh Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí i gcló a chéaduair sa bhliain 1999. Rinneadh athbhreithniú ar an gcáipéis in 2011 agus in 2017. B'éigean an Treoir Náisiúnta a athbhreithniú agus an t-eagrán reatha a chur amach de bharr gur achtaíodh an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Cuireann an tAcht sin roinnt oibleagáidí reachtúla ar ghrúpaí sonracha daoine gairmiúla agus ar eagraíochtaí áirithe a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí.
Cuireann a lán eagraíochtaí ealaíon 'seirbhísí ábhartha' ar fáil faoi mar a shainmhínítear i Sceideal 1 den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus, mar sin, tá oibleagáidí reachtúla ar leith orthu faoin Acht.
Tá an beartas náisiúnta maidir le cosaint agus leas leanaí bunaithe ar chreat dlíthiúil a fhoráiltear den chuid is mó leis an Acht um Chúram Leanaí, 1991 agus leis an Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Tugtar breac-chuntas ar an mbeartas agus ar an gcleachtas a bhfuil feidhm acu sa réimse seo in Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí.
Cuireadh Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí i gcló a chéaduair sa bhliain 1999. Rinneadh athbhreithniú ar an gcáipéis in 2011 agus in 2017. B'éigean an Treoir Náisiúnta a athbhreithniú agus an t-eagrán reatha a chur amach de bharr gur achtaíodh an tAcht um Thús Áite do Leanaí, 2015. Cuireann an tAcht sin roinnt oibleagáidí reachtúla ar ghrúpaí sonracha daoine gairmiúla agus ar eagraíochtaí áirithe a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí.
Cuireann a lán eagraíochtaí ealaíon 'seirbhísí ábhartha' ar fáil faoi mar a shainmhínítear i Sceideal 1 den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015 agus, mar sin, tá oibleagáidí reachtúla ar leith orthu faoin Acht.
Ceann de phríomhchuspóirí an Achta um Thús Áite do Leanaí, 2015 is ea a chinntiú go gcoinníonn d'eagraíocht leanaí slán ó chontúirt fad is a bhíonn siad ag baint leasa as do sheirbhís. Baineann an reachtaíocht agus an treoir ghaolmhar seo leis na hoibleagáidí atá ar na seirbhísí ábhartha chun díobháil nó mí-úsáid d'aon turas ar na leanaí a bhaineann leas as a gcuid seirbhísí a chosc, a mhéid is féidir. Cé nach féidir deireadh a chur le gach riosca, ba chóir go gcuirfeadh d'eagraíocht beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm chun rioscaí a bhainistiú agus a laghdú an oiread agus is féidir.
De bharr an Achta um Thús Áite do Leanaí cuirtear oibleagáidí ar leith ar eagraíochtaí a chuireann seirbhísí ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga, lena n-áirítear na ceanglais seo a leanas:
- Leanaí a choinneáil slán ó chontúirt fad a bhíonn do sheirbhís á húsáid acu
- Measúnú riosca a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí díobháil do leanbh nó do dhuine óg agus iad ag fáil do sheirbhísí.
- Ráiteas um Chosaint Leanaí a fhorbairt ina dtugtar achoimre ar na beartais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun na rioscaí a aithníodh a bhainistiú.
- Duine ábhartha a cheapadh mar an chéad phointe teagmhála i dtaca leis an Ráiteas um Chosaint Leanaí de chuid d'eagraíochta.
Sonraítear spriocdhátaí sa reachtaíocht agus ní mór d'eagraíochtaí measúnú riosca a dhéanamh agus Ráiteas um Chosaint Leanaí a ullmhú laistigh de na spriocdhátaí sin. Bhí ar eagraíochtaí measúnú riosca agus Ráiteas um Chosaint Leanaí a chur i gcrích laistigh de thrí mhí ó theacht i bhfeidhm na n-alt ábhartha den Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015; ba é sin an 11 Nollaig 2017. Maidir le seirbhísí nua, caithfidh eagraíochtaí cloí leis na ceanglais laistigh de thrí mhí ón dáta a thosaigh a gcuid seirbhísí.
Éilíonn alt 11(4) den Acht um Thús Áite do Leanaí go dtabharfaidh soláthróirí seirbhísí ábhartha aird chuí ar aon treoirlínte arna n-eisiúint ag Tusla, an Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach, maidir le ráitis chosanta leanaí. Is féidir teacht ar aon treoir arna heisiúint ag Tusla maidir le Ráitis um Chosaint Leanaí ar a shuíomh gréasáin (www.tusla.ie).
Ba cheart do gach eagraíocht nó ealaíontóir aonair a sholáthraíonn seirbhísí do leanaí a chinntiú go bhfuil beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun leanaí a choinneáil slán ó chontúirt. Tá na heagraíochtaí freagrach as a chinntiú go mbíonn faisnéis ardchaighdeáin ag gach ball foirne agus oibrí deonach ionas go mbeidh siad in ann ábhar imní faoi chosaint agus leas leanaí a aithint agus a thuairisciú. Más duine fásta thú atá ag obair leat féin chun seirbhís a sholáthar do leanaí, ba cheart duit a chinntiú go leanann do nósanna imeachta an dea-chleachtas i dtaobh cosaint leanaí.
Tá an méid seo a leanas ina choinníoll ag an gComhairle Ealaíon i dtaca le cúnamh airgeadais: maidir leo siúd a fhaigheann maoiniú nó cúnamh deontais agus a mbíonn teagmháil le leanaí i gceist lena gcuid oibre, caithfidh siad na hoibleagáidí atá orthu i ndáil le reachtaíocht náisiúnta a chomhlíonadh, agus níor mhór go mbeadh beartais agus nósanna imeachta i bhfeidhm acu chun timpeallacht shábháilte a chruthú.
Tá na hoibleagáidí reachtúla atá ar fhostóirí maidir le ceanglais ghrinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána i leith daoine a oibríonn le leanaí agus daoine fásta soghonta leagtha síos sna hAchtanna um an mBiúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin (Leanaí agus Daoine Soghonta), 2012-2016.
Tugtar bonn reachtaíochta sna hAchtanna sin maidir le grinnfhiosrúchán éigeantach a dhéanamh ar dhaoine ar mian leo dul i gceann obair nó gníomhaíochtaí áirithe a bhaineann le leanaí nó daoine soghonta, nó ar mian leo seirbhísí áirithe a sholáthar do leanaí nó do dhaoine soghonta. Cruthaítear cionta agus pionóis leis na hAchtanna do dhaoine a dteipeann orthu cloí lena gcuid forálacha. Ba cheart d'eagraíochtaí ealaíon, do ghrúpaí agus d'ealaíontóirí aonair a chinntiú go gcomhlíonann siad ceanglais uile na reachtaíochta seo ina n-iomláine.
Eisíonn Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin an Gharda Síochána nochtuithe grinnfhiosrúcháin chuig eagraíochtaí a fhostaíonn daoine a bhíonn ag obair le leanaí agus/nó daoine fásta soghonta ar bhonn lánaimseartha, páirtaimseartha, deonach nó socrúchán mac léinn. Ní dhéanann an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin cinneadh ar oiriúnacht aon duine chun oibriú le leanaí agus daoine fásta soghonta. Ina ionad sin, mar fhreagairt ar iarratas scríofa ar ghrinnfhiosrúchán, eisíonn an Biúró Náisiúnta Grinnfhiosrúcháin stair choiriúil agus faisnéis shonraithe eile faoin duine a bhfuil grinnfhiosrúchán le déanamh air/uirthi chuig an eagraíocht ionchasach earcaíochta.
Is faoin eagraíocht earcaíochta a bhíonn sé i gcónaí cinntí a dhéanamh faoi oiriúnacht daoine agus níor cheart go mbeadh ach cuid amháin de chinneadh earcaíochta d'eagraíochta i gceist le torthaí an ghrinnfhiosrúcháin.
Tá faisnéis faoi ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána le fáil ag an nasc seo a leanas: https://vetting.garda.ie/
Tá d'eagraíocht freagrach as an oiliúint a theastaíonn ó do bhaill foirne agus ó d'oibrithe deonacha a aithint, agus as a chinntiú go bhfaigheann siad faisnéis agus oiliúint atá dóthanach agus cuí maidir le leas agus cosaint leanaí. Ba cheart do d'eagraíocht faisnéis ardchaighdeáin a thabhairt do gach ball foirne agus oibrí deonach maidir le hábhar imní faoi chosaint agus leas leanaí a aithint agus a thuairisciú. Lena chois sin, ba cheart go n-áireofaí leis an oiliúint faisnéis shoiléir faoi ról na ngníomhaireachtaí reachtúla a bhfuil príomhfhreagracht orthu as cosaint agus leas leanaí, is iad sin Tusla agus an Garda Síochána.
Má tá fostaithe i d'eagraíocht ar daoine faoi shainordú iad faoin Acht um Thús Áite do Leanaí, 2015, ba cheart duit a chinntiú freisin go gcuirtear oiliúint shonrach ar fhreagrachtaí reachtúla na ndaoine faoi shainordú faoin Acht ar fáil dóibh.
Má tá teagmhálaí ainmnithe agus/nó leasteagmhálaí ainmnithe i d'eagraíocht, ba cheart duit a chinntiú go gcuirtear faisnéis agus oiliúint dhóthanach ar fáil dóibh maidir le cosaint agus leas leanaí ionas go mbeidh siad in ann tabhairt faoin ról seo.
Tá sraith acmhainní forbartha ag Tusla lena n-áirítear modúl oiliúna ríomhfhoghlama, Tús Eolais ar Tús Áite do Leanaí, a chlúdaíonn mí-úsáid leanaí a aithint agus a thuairisciú, ról daoine faoi shainordú, cuidiú faoi shainordú, na freagrachtaí atá ar eagraíochtaí a oibríonn le leanaí chun leanaí a bhaineann leas as a seirbhísí a chosaint, agus ról na dteagmhálaithe ainmnithe. Féadfaidh tú teacht ar an modúl ríomhfhoghlama agus ar acmhainní eile de chuid Tusla ar shuíomh gréasáin Tusla (www.tusla.ie).
Tá faisnéis ar fáil ar shuíomh gréasáin Tusla freisin a chuideoidh le d'eagraíocht más mian léi a hoiliúint shonrach féin a fhorbairt maidir le Tús Áite do Leanaí (Tusla: Tús Áite do Leanaí – Prionsabail Dea-Chleachtais d'Eagraíochtaí chun Cláir Oiliúna Tús Áite do Leanaí