‘I AM BABA’ ó Anna Newell le David Goodall.Ghrianghraf Neil Harrison
GLAOCH AR IARRATAIS
Tá an Chomhairle Ealaíon ag fáiltiú roimh iarratais ó ealaíontóirí
agus eagraíochtaí ealaíon a bhfuil taithí acu páirt a ghlacadh sa scéim
phíolótach. Gheobhaidh ealaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíon a roghnófar
maoiniú chun oibriú le dhá shuíomh ábhartha ar a laghad, agus chun bheith mar
chuid de ghrúpa taighde a threoróidh forbairt beartais agus acmhainní sa réimse
seo. Ní mór d'ealaíontóirí agus d'eagraíochtaí ealaíon cuntas teiste a bheith
acu maidir le healaíona ar ardchaighdeán a sholáthar i bhfoghlaim agus cúram na
luath-óige.
Glaoch ar iarratais - cliceáil anseo.
Ioncam/caiteachas réamh-mheasta - cliceáil anseo.
Spriocdháta
le haghaidh iarratas: 5:30i.n. Déardaoin, 2 Márta 2023
D’fhonn iarratas a dhéanamh, ní mór
duit a bheith cláraithe le haghaidh cuntas Sheirbhísí Ar Líne na Comhairle
Ealaíon (OLS). Mura bhfuil ceann agat, is féidir leat clárú le ceann a fháil
anseo. Tabhair faoi deara go bhféadfadh sé suas le cúig lá oibre a thógáil
sular féidir úsáideoir nua a chlárú ar OLS.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil le ypce@artscouncil.ie
Tá an Chomhairle Ealaíon ag gabháil i gcomhpháirtíocht leis an Roinn
Leanaí, Comhionannais, Míchumais Lánpháirtíochta agus Óige (DCEDIY) chun scéim Na
hEalaíona i Luathfhoghlaim agus Cúram (ELC) Cúram Leanaí ar Aois Scoile (SAC) a
phíolótú. Déanfaidh grúpa stiúrtha atá comhdhéanta d'ionadaithe ón Rannán
Fhoghlaim agus Chúram na Luath-Óige agus Cúraim Leanaí ar Aois Scoile DCEDIY, cigireacht
atá dírithe ar an Oideachas sna Luathbhlianta de chuid na Roinne Oideachais, an
Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM), an Roinn
Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán (DTCAGSM), agus
an Chomhairle Ealaíon maoirseacht ar an scéim phíolótach.
Tá sé mar aidhm ag an scéim phíolótach tacú le healaíontóirí gairmiúla
agus le heagraíochtaí ealaíon oibriú le suíomhanna Foghlaim agus Cúram na
Luath-Óige /Cúram Leanaí ar Aois Scoile , agus cuimseoidh sí iniúchadh agus
forbairt ar Dhréacht-Phrionsabail maidir le
Teagmháil a Dhéanamh leis na hEalaíona i bhFoghlaim agus Cúram na Luath-Óige a d'fhoilsigh an DCEDIY le déanaí. Tá
sé mar aidhm aige leanaí idir 0-3, 4-6 agus 7+ a chuimsiú i suíomhanna éagsúla
in áiteanna éagsúla ar fud na tíre. Táthar ag súil go nglacfaidh suas le hocht
suíomh, agus suas le ceathrar ealaíontóir/eagraíochtaí ealaíon páirt sa scéim
phíolótach.
Tá an Chomhairle Ealaíon ag tacú le healaíontóirí agus
cleachtóirí atá ag obair sna healaíona luathbhlianta ar feadh níos mó ná deich
mbliana. In 2012, choimisiúnaigh an Chomhairle Ealaíon a gcéad tuairisc taighde
sa réimse seo, Ealaíona Luath-Óige: Trí Dhearcadh, achoimre ar bheartas agus
soláthar Oideachas agus Cúram na Luath-Óige in Éirinn, doiciméad eolais ar ról
na n-ealaíon i bhfoghlaim agus i bhforbairt luath-óige, agus dearcadh
idirnáisiúnta ar dhea-chleachtas in Ealaíona Luath-Óige a bhí san áireamh.
Dhoiciméadaigh an páipéar ocht dtionscadal Ealaíona Luath-Óige mar chuid den
taighde agus cuireann sé ar fáil léargas úsáideach ar réimse cleachtais a bhí
ag teacht chun cinn ag an am sin. Lean cleachtóirí in Éirinn ar aghaidh a
gcleachtas a fhorbairt ó shin sa réimse seo le go leor tionscadal agus
tionscnamh.
Dearbhaíonn taighde maidir
le rannpháirtíocht ealaíon agus cultúir i
measc páistí na tairbhí do pháistí nuair
a ghlacann siad páirt sna healaíona ina mblianta luatha, agus cuireann sé in
iúl freisin go bhfuil patrúin rannpháirtíochta socraithe ó aois an-óg. Luann an
taighde gur féidir ról tábhachtach a bheith ag timpeallachtaí luathbhlianta
páistí lena chinntiú go bhfuil deiseanna ag páistí ó chúlraí éagsúla páirt a
ghlacadh sna healaíona go héasca. Tá lúcháir ar an gComhairle Ealaíon leanúint
a bheith ina pháirtí ag daoine eile tacaíocht a thabhairt do na healaíona
agus iad a chur chun cinn sna luathbhlianta. Féach ar bhreis eolais faoinár Scéimeanna cónaitheachta, mar thionscnamh ceangailte sa réimse
seo.
Íoslódáil
Ealaíona Luath-Óige: Trí Pheirspictíocht (PDF, 1.08 MB).