Is éard atá i gceist le cleachtas na n-ealaíon san oideachas ná ealaíontóirí gairmiúla oilte i ngach disciplín a bhíonn ag oibriú do scoileanna agus ag oibriú in éineacht le scoileanna chun réimse leathan d’eispéiris ealaíon a dhéanamh, a fháil agus a léirmhíniú.
Cailín le hata. Gailearaí Náisiúnta na hÉireann (Grianghraf: Derek Speirs)
Is éard atá i gceist le cleachtas na n-ealaíon san oideachas ná ealaíontóirí gairmiúla oilte i ngach disciplín a bhíonn ag oibriú do scoileanna agus ag oibriú in éineacht le scoileanna chun réimse leathan d’eispéiris ealaíon a dhéanamh, a fháil agus a léirmhíniú. Is féidir le cleachtas na n-ealaíon san oideachas tarlú laistigh nó lasmuigh den scoil. Tá cuairteanna aonuaire, cláir níos leithne, agus comhthionscadail dhiana san áireamh ann. Oibríonn ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, daltaí, múinteoirí, agus príomhchúramóirí uaireanta, lena chéile chun eispéiris ealaíon a chruthú a chuireann an curaclam chun feabhais agus a thugann tacaíocht do chroímhisean oideachais na scoile. Feabhsaíonn cleachtas na n-ealaíon san oideachas saol gach duine atá páirteach, go háirithe ó thaobh chothú agus fhorbairt intinn agus shamhlaíocht na ndaltaí de. (An Chairt um na hEalaíona san Oideachas, lch 10; Pointí Ailíniúcháin, lch 13)
Is é www.artsineducation.ie an acmhainn dhigiteach náisiúnta do na healaíona san oideachas in Éirinn.
Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna (DES) agus an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (DAHG) a gcomhthiomantas do chur chun cinn agus do chomhcheangal na n-ealaíon san oideachas in iúl le seoladh An Chairt um na hEalaíona san Oideachas (Nollaig 2012). Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta don chomhoibriú leis na Ranna sin chun An Chairt um na hEalaíona san Oideachas a chur i bhfeidhm.
Tá Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon i nGrúpa Forfheidhmithe na Cairte agus déantar ionadaíocht don Chomhairle Ealaíon ar an gCoiste Eagarthóireachta do www.artsineducation.ie.
Tá roinnt tuarascálacha, treoirlínte, agus faisnéise eile a bhaineann leis na hEalaíona san Oideachas foilsithe ag an gComhairle Ealaíon – féach ar rannán na bhfoilseachán dár gcuid.
Tacaíonn an Chomhairle Ealaíon le rannpháirtíocht na leanaí agus na ndaoine óga sna healaíona ó thráth na breithe go tráth na luath-aosachta agus déanann sí an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn. Is é an téarma a úsáidimid chun cur síos a dhéanamh ar an réimse oibre sin ná Daoine Óga, Leanaí agus Oideachas (DÓLO). Cuimsíonn DÓLO gach réimse foirm ealaíne, agus díríonn sé ar theagmháil na ndaoine óga nó na leanaí leis na healaíona bíodh siad ina n-ealaíontóirí óga, ina bhfoghlaimeoirí, ina rannpháirtithe, ina mbaill den lucht féachana, nó ina meascán díobh sin.