Óstálfaidh an Chomhairle Ealaíon agus an Rialtas Áitiúil an dara comhdháil dhébhliantúil seo 'Tá Tábhacht le hÁiteanna' ar an 27 agus 28 Márta 2019 i Halla Bailey Allen, OÉ Gaillimh.
Beidh suim sa chomhdháil seo ag seirbhísigh phoiblí agus státseirbhísigh, ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíne, polaiteoirí, an lucht léinn agus aon duine ar suim leis feabhas a chur leis an mbealach a chuirimid le cuimsiú sna healaíona bunaithe ar phrionsabail na cuimsitheachta agus an chomhionannais.
Tháinig méadú 70% ar ár ndaonra ón mbliain 1961 chuig beagnach cúig mhilliún duine sa bhliain 2016 agus sa lá atá inniu ann is as 200 náisiún éagsúil an 535,475 duine nach Éireannaigh iad a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus cónaíonn 13.5% dínn faoi mhíchumas. Measann an Rialtas go dtiocfaidh méadú milliún duine eile ar an daonra sa 20 bliain amach romhainn. Rachfar i ngleic ag an gcomhdháil le déimeagrafach na hÉireann atá ag athrú go tapa agus fiarfar: cén comhfhreagra atáimid ag tabhairt chun ár lucht féachana agus na healaíontóirí a n-oibrímid leo a fhás agus a éagsúlú?
Clár
Ceardlann saor in aisce le Nina Simon | Stiúrthóir Mhúsaem Ealaíne agus Staire Santa Cruz
27 Márta, 1.30 pm-4.00 pm | Cube and Stage, OÉG
Tionscnamh domhanda is ea OF/BY/FOR ALL le cabhrú le heagraíochtaí sibhialta agus cultúrtha ábharthacht agus inbhuanaitheacht airgeadais a mhéadú. Faigh inspioráid, faigh uirlisí nua agus bí réidh chun d'eagraíocht a láidriú. Foghlaim le pobail spéise a shainmhíniú agus bí níos ionadaí ar a n-ábhar spéise agus fiosraigh na dúshláin a bhaineann leis an obair seo a dhéanamh go maith.
Is do d'oifigigh ealaíon, bainisteoirí ionaid tionóil agus stiúrthóirí eagraíochtaí ealaíon amháin an cheardlann seo.
Seoladh Bheartas um Chomhionannas, Cearta an Duine agus Éagsúlacht na Comhairle Ealaíon
27 Márta, 6.00 pm-8.00 pm | Pictiúrlann Pálás
Comhdháil 'Tá Tábhacht le hÁiteanna'
28 Márta, 9.30 am-4.00 pm | Halla Bailey Allen, OÉ Gaillimh
Príomhchainteoirí na comhdhála
Nina Simon, Stiúrthóir Mhúsaem Ealaíne agus Staire Santa Cruz.
Abid Hussain - Stiúrthóir Éagsúlachta ar Chomhairle Ealaíon Shasana
An tOllamh William Schabas - Cathaoirleach Ionad um Chearta Daonna na hÉireann in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
I meas na ndaoine a labhróidh ag an gcomhdháil tá
Lorraine Maher - I am Irish
Nita Mishra - file
Rosaleen McDonagh - drámadóir
Kunle Animashaun - cleachtóir téatair
Melatu Uche Okorie - údar
Rusangano Family
agus neart eile...
Stiúrfaidh an Dr Ronit Lentin an chomhdháil.
Áirithint
Tá an chomhdháil saor in aisce d'ealaíontóirí agus do mhic léinn.
Gearrfar táille €80 móide táille áirithinte ar ghairmithe.
Ceannaigh ticéad nó cuir ticéad in áirithe trí Eventbrite