The Umbrella Project by Rhona Byrne, commissioned by Fire Station Artists’ Studios and supported by Dublin City Council.
Fógraíonn an Chomhairle Ealaíon comhaontú nua leis an gCumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach chun tacú le daonlathas cultúrtha
Comhroinn an leathanach seo
19 Feabhra 2016
D’fhógair an Chomhairle Ealaíon comhaontú deich mbliana nua inniu, Creatlach don Chomhoibriú, Creatlach don Chomhoibriú (2.4 MB), idir an Chomhairle Ealaíon agus Cumann Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach d’fhonn forbairt bhreise a dhéanamh ar na healaíona i ngach contae in Éirinn.
Cuirfidh an comhaontú seo ar chumas na Comhairle Ealaíon agus na nÚdarás Áitiúil cur chuige níos príomhshruthaithe agus níos comhsheasmhaí a fhorbairt maidir leis na healaíona a mhaoiniú, bunaithe ar na príomhphrionsabail a bhaineann le forbairt na n-ealaíon, le rannpháirtíocht an phobail agus le pleanáil spásúlachta. Tabharfaidh sé deis freisin don Chomhairle Ealaíon agus d’Údaráis Áitiúla spriocthorthaí a leagan síos áit a mbeidh sí in ann tionchar an chaidrimh sin a thomhas agus leibhéil mhéadaithe rannpháirtíochta poiblí a fheiceáil.
Leis an gcomhaontú nua seo, cuirfear struchtúr foirmiúil den chéad uair riamh ar an méid a tharla le deich mbliana fichead anuas idir an Chomhairle Ealaíon agus na hÚdaráis Áitiúla.
Ba shamhail den scoth de chomhpháirtíocht na seirbhíse poiblí le blianta fada anuas a bhí i gcomhpháirtíocht na Comhairle Ealaíon/an Rialtais Áitiúil agus leanfar den chomhpháirtíocht sin agus cuirfear léi de bharr sheoladh an comhaontaithe deich mbliana seo. Tá athchóiriú mór déanta ar an rialtas áitiúil in Éirinn le deich mbliana anuas agus é bailithe trí phróiseas nuachóirithe agus tá na healaíona agus an cultúr leabaithe go daingean laistigh den phróiseas sin.
Ag labhairt di faoi Creatlach don Chomhoibriú, dúirt Orlaith McBride, Stiúrthóir na Comhairle Ealaíon: “Cuideoidh an comhaontú nua seo le hÚdaráis Áitiúla chun borradh a chur faoi dhaonlathas cultúrtha trí bheocht bhreise a chur i bpobail áitiúla ina mbeidh fáil níos éasca ar na healaíona. Tá an Chomhairle Ealaíon tiomanta go daingean don chomhaontú seo agus léirítear é sin inár straitéis nua Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh ina bhfuil ár gcomhpháirtíocht leis an rialtas áitiúil leabaithe ar fud na straitéise. Le cúpla bliain anuas táimid dírithe ar ár gcomhpháirtíocht leis an rialtas áitiúil a dhéanamh níos straitéisí ionas go mbainfidh gach duine tairbhe as. Féachaimid ar ár gcomhpháirtithe sa rialtas áitiúil mar an forbróir is tábhachtaí do na healaíona in Éirinn. Táimid ag iarraidh díriú anois ar a chinntiú go múnlófar treo na n-ealaíon sa todhchaí leis na cineálacha smaointeoireachta, pleanála agus iompraíochta bainistíochta a dhéanfaidh an freastal is fearr orainn ar fad.”
Dúirt Pat Gallagher, Cathaoirleach an Chumainn Lucht Bainistíochta Contae agus Cathrach, “Cuirimid fáilte ghnaíúil inniu roimh sheoladh an chomhaontaithe nua seo, Creatlach don Chomhoibriú, a chuideoidh linn oibriú le hearnáil na n-ealaíon ar bhealach níos straitéisí. Cuireann an Rialtas Áitiúil in Éirinn luach ard ar fhorbairt sna healaíona – feicimid é mar chuid lárnach de phobail bhríomhara agus inbhuanaithe ar fud na tíre. Táimid ag tnúth leis an gcomhaontú nua seo, faoina mbeartóimid, faoina mbeimid rannpháirteach agus faoin dtomhaisfimid ár ngníomhaíocht ar bhealach níos struchtúrtha in éineacht lenár gcomhpháirtithe sa Chomhairle Ealaíon.