Artist Susan Mannion with her piece Under Darkening Skies at Ballycroy Visitor Centre, Wild Nephin National Park. Credit: Sean Molloy.
Scéim an Chéatadáin don Ealaín
Tionscnamh rialtais is ea Scéim an Chéatadáin don Ealaín, a cuireadh i bhfeidhm den chéad uair in 1978, faoina bhféadfar 1% de chostas forbartha caipitil, bonneagair agus atá maoinithe go poiblí a leithdháileadh chun saothar ealaíne a choimisiúnú. Tagraítear
don obair a chruthaítear faoin scéim mar ealaín phoiblí go hiondúil.
Tugtar deis sa scéim seo do dhaoine taitneamh agus tairbhe a bhaint as an ealaín agus ealaíontóirí comhaimseartha i ngnáthshuíomhanna. Cruthaíonn sé ealaín chomhaimseartha i dteannta, de chuid agus le haghaidh lucht féachana nua agus ilghnéitheach, ina
measc sin iad siúd nach mbeadh teagmháil acu de ghnáth leis na healaíona.
Is foinse thábhachtach maoinithe ón Rialtas é Scéim an Chéatadáin ar son na hEalaíne agus is féidir leis buiséid shuntasacha a sholáthar le cur ar chumas ealaíontóirí saothar uaillmhianach agus nua a shamhlú agus a chruthú i ngach foirm ealaíne agus réimse
cleachtais ealaíon.
Ról na Comhairle Ealaíon
Tá ról forbartha ag an gComhairle Ealaíon i Scéim an Chéatadáin don Ealaín, agus tá dhá phríomhréimse beartais inár straitéis Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh (2016-2025) mar bhuntaca lenár gcur chuige i leith na scéime: rannpháirtíocht an phobail
agus an t-ealaíontóir. Tá Beartas agus Straitéis Ealaín Phoiblí na Comhairle Ealaíon (2018) ar fáil anseo.
Ag obair i gcomhar le príomhpháirtithe leasmhara, lena n-áirítear ranna agus gníomhaireachtaí rialtais, údaráis áitiúla agus coimisinéirí, tá an Chomhairle Ealaíon ag iarraidh coimisinéirí a spreagadh chun an treoir maidir leis an gcleachtas is fearr
a leanúint agus ealaíontóirí á gcoimisiúnú agus chun rannpháirtíocht an phobail sna healaíona a mhéadú oiread agus is féidir. Tá na Treoirlínte Náisiúnta i gcomhair Scéim an Chéatadáin don Ealaín ar fáil anseo.
Tuilleadh faisnéise
Tá eolas, comhairle, deiseanna agus samplaí de thionscadail ealaíne poiblí le fáil ar an suíomh gréasáin don ealaín phoiblí https://publicart.ie/
I gcomhair nuacht cothrom le dáta, lean meáin shóisialta na healaíne poiblí.
Foireann Ealaíne Poiblí:
Sinéad O’Reilly, Ceann na nEalaíon Áitiúil, Áite agus Poiblí sineadoreilly@artscouncil.ie
Ailve McCormack, Oifigeach, Ealaíon Áitiúil, Áite agus Poiblí, ailve.mccormack@artscouncil.ie
Mary McAuliffe, Comhairleoir Forbartha Beartas Ealaíne Poiblí
Siobhan Savage, Eagarthóir Gréasáin Ealaíne Poiblí editor@publicart.ie