The Big Fellow. Comhairle Contae Lú, 2016 (Photo: Tom Maher)
Na hEalaíona agus cultúr san
fhorbairt áitiúil
Tionóladh comhdháil ina ndearnadh ceiliúradh ar chomhpháirtíocht
25 bliain na Comhairle Ealaíon agus an údaráis áitiúil sa Scoil Samhraidh ag Dámh
Chruinne Éireann Rince agus Ceol in Ollscoil Luimnigh an 25 agus 26 Samhain
2010.
Agus an t-iriseoir agus craoltóir Olivia O’Leary mar
chathaoirleach uirthi, rinne rannpháirtithe sinsearacha ó Éirinn, ón Ríocht
Aontaithe agus ón Astráil plé ar ról na n-ealaíon agus an chultúir san
fhorbairt áitiúil. Tionóladh taifeadadh beo speisialta de chuid Sunday
Miscellany RTÉ ag an imeacht suntasach seo.
Freagairtí ealaíontóirí 5 x 5
Mar chuid den chomhdháil, coimisiúnaíodh 5 shaothar faoi théama
na n-ealaíon áitiúil. Rinneadh an chéad cheann díobh sin, DVD
comórtha/ceiliúrtha ó Samhain Films, a thaispeáint ag an gcomhdháil. Chuir na
healaíontóirí ceithre shaothar nua i láthair chomh maith le linn na comhdhála.
Tá an clárú dúnta anois
Tuilleadh eolais
Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin na comhdhála chun eolas a fháil faoin gclár agus faoi phróifílí na rannpháirtithe