Sounding Lines Comhairle Contae Thiobraid Árann, 2014 (Grianghraf: Maree Hensey & Claire Halpin)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do na Na healaíona áitiúla agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha Ealaín Phoiblí ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas agus Straitéis maidir le hEalaín Phoiblí 2018 (PDF, 0.52 MB).
Is minic gur ag leibhéal áitiúil a bhlaiseann daoine de na healaíona an chéad uair agus bíonn an taithí áitiúil sin thar a bheith tábhachtach. Méadaíonn sí ábharthacht, láithreacht agus déine na taithí ealaíne. Tá earnáil na n-ealaíon áitiúil comhdhéanta de ghníomhaireachtaí atá freagrach as an soláthar le haghaidh na n-ealaíon áitiúil, d'ealaíontóirí a oibríonn go háitiúil agus ar spéis leo an timpeallacht áitiúil.
Is é an príomhchuspóir atá ag an gComhairle Ealaíon ná éascú a dhéanamh ar an léiriú ealaíonta atá ag ceantar. Chuige sin, saothraímid chun cumas na ngníomhaireachtaí forbartha áitiúla a mhéadú le go mbeidh siad in ann tacú leis na healaíona agus cabhrú le healaíontóirí agus eagraíochtaí ealaíne le deontais agus le foinsí tacaíochta eile a chuireann cur le saibhriú ealaíonta an tsaoil áitiúil. Déantar sin, den chuid is mó, trí chomhpháirtíochtaí fadtéarmacha a fhorbairt, go háirithe leis na húdaráis áitiúla.
De réir mar a ghlacann na gníomhaireachtaí náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla tuilleadh freagrachta acu féin as cothú na n-ealaíon, tá athrú tagtha ar ár ról féin. Ní orainne atá an príomhchúram níos mó, ach muid ag feidhmiú mar chomhpháirtí straitéiseach maidir le beartais agus cleachtais ealaíon a fhorbairt agus a chur chun cinn d'fhonn taithí ardchaighdeáin ar na healaíona a chur ar fáil.