Chomh maith le hachoimre a thabhairt ar an chaoi a mbeartaímid an ról atá againn mar chomhlacht forordaithe de réir an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000 a leathnú agus a fheabhsú, tá béim sa bheartas maidir le tábhacht na
n-ealaíon i gcúrsaí beartais phoiblí níos leithne agus tá sé ar comhréir le hionstraimí pleanála forbartha náisiúnta bunriachtanacha amhail Tionscadal Éireann 2040 agus Ár dTodhchaí Tuaithe: Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025.
Is iad dhá chomhpháirt riachtanacha an bheartais ná:
- Breis béime a chur ar chur chuige bunaithe ar dhaoine agus ar áiteanna; agus
- I arracht chun cothromas sochspásúil a chinntiú inár dtacaíochtaí agus obair forbartha;
aithníonn an dá rud an gá le cuir chuige agus idirghabhálacha éagsúla in áiteanna éagsúla a fhreagraíonn do riachtanais shonracha na n-áiteanna sin.
Rinne Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta an beartas a sheoladh ag an gComhdháil Tá Tábhacht le hÁiteanna 2022 in Ionad VISUAL Ceatharlach an 25 Márta.
Is féidir cóip den bheartas a íoslódáil anseo