Díríonn Scéim Infheistíochta na bhFéilte go sonrach ar infheistíocht straitéiseach d’fhéilte beaga agus ar dheiseanna a chur ar fáil dá dtógáil cumais. Seoladh an scéim nua atá ailínithe do straitéis na Comhairle Ealaíon, Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh, i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus tiomantas buiséad méadaithe €1.4 milliún aici.
Murder Dance. Grianghraf glactha mar chuid d’Fhéile Lárshamhraidh Chorcaí. Firkin Crane, Corcaigh. 2014 (Grianghraf: Provision Photography)
Tacaíocht d’fhéilte beaga
Dearadh Scéim Infheistíochta na bhFéilte chun tacaíocht a chur ar fáil trí dheontais suas le €35,000 d’fhéilte beaga/meánscála i ngach foirm ealaíne agus cleachtas ealaíne. Cuidíonn an próiseas iarratais chomh maith le féilte lena bpleanáil mhór agus straitéiseach.
In 2017, tacaíodh le 155 féile i ngach contae in Éirinn le deontais faoin scéim.
Tá an fhaisnéis ar fad ar Scéim Infheistíochta na bhFéilte ar fáil sa chuid Maoiniú.