Irish Aerial Creation Centre, Marilén Ribot mar chuid de Island Connect Pictiúr: Jym Daly
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon d’ealaíon idirnáisiúnta agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt. Tá an Beartas Reatha um Ealaíona Idirnáisiúnta ailínithe leis na príomhchuspóirí agus torthaí inmhianaithe Shaothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh agus is féidir amharc air anseo: Beartas na nEalaíon Idirnáisiúnta 2022-2025.
Cuireann Straitéis na Comhairle Ealaíon MGAW 2016–2025 (Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh) ceangal ar ghlúnta nua ealaíontóirí uaillmhianacha nuálacha chun stádas idirnáisiúnta na hÉireann a neartú mar cheannaire sna healaíona. Chun na críche sin, aithníonn an Chomhairle Ealaíon an luach a bhaineann le caidrimh agus le cleachtas idirnáisiúnta a aithint agus tacaíocht a thabhairt do na daoine a théann sa tóir ar na deiseanna sin. Go praiticiúil, bíonn de rún ag an gcreat Ealaíon Idirnáisiúnta atá leagtha amach ag an gComhairle Ealaíon ailíniú tacaíochtaí níos éifeachtaí a chur ar
fáil dírithe ar chomhtháthú na ngníomhaíochtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta a sholáthraítear ag ealaíontóirí agus eagraíochtaí lonnaithe in Éirinn. Aithníonn an beartas seo an fhírinne atá ann do roinnt mhaith ealaíontóirí, gur minic a bhíonn an obair a dhéanann siad i gcomhthéacs áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta mar pháirt d'éiceachóras aonair agus ina cuid dhílis de chleachtas gairmiúil inbhuanaithe.
Ag teacht le téarmaí tagartha na Comhairle Ealaíon, tá an phríomhthreoir dírithe ar fhorbairt na hearnála náisiúnta ealaíon agus chun sochair do dhaoine atá ina gcónaí in Éirinn. Aithníonn an beartas an roinnt sna róil atá ann idir Gníomhaireachtaí eile an Stáit chomh maith leis na hinniúlachtaí atá acu. Féachtar leis go gníomhach tionscnaimh chomhpháirtíochta atá ann cheana a fhorbairt agus sineirgí comhlántacha nua a chruthú d’fhonn tionchar infheistíochta poiblí sna healaíona a uasmhéadú.