Stáitse agus ballaí cuil Theatre Royal Waterford (Griangraf: Dave Sexton)
Tá an comhthéacs straitéiseach maidir le tacaíocht na Comhairle Ealaíon do Ionaid Tionóil agus do gach foirm ealaíne agus gach réimse cleachtais ealaíne eile leagtha amach in Saothar Ealaíne Iontach a Tháirgeadh: Straitéis na Comhairle Ealaíon (2016–2025)(PDF, 2.29MB). Déantar cur síos ann ar conas a stiúrfaimid forbairt na n-ealaíon in Éirinn sna deich mbliana seo amach romhainn. Tá cúig réimse tosaíochta inár straitéis: an t-ealaíontóir; rannpháirtíocht an phobail; straitéis infheistíochta; pleanáil spásúil agus dhéimeagrafach; agus cumas a fhorbairt
Is é ‘Ionaid Tionóil’ an téarma a úsáidimid le cur síos a dhéanamh ar fhoirgnimh atá bainteach leis na healaíona, lena n-áirítear amharclanna, dánlanna agus ionaid ealaíon. Cuireann ionaid tionóil bonneagar láidir ar fáil atá riachtanach ar mhaithe leis na healaíona ar bhonn náisiúnta. Is lárphointí iad maidir le gníomhaíochtaí ealaíon agus cabhraíonn siad le pobail a ghuth féin a fhorbairt. Cuireann siad deiseanna ar fáil chun infheistíocht a dhéanamh i bhfuinneamh agus scileanna na nglúnta amach romhainn.
Tá maoiniú á dhéanamh ag an gComhairle Ealaíon ar dhá ionad agus seachtó – cúig amharclann, trí ghailearaí dhéag agus ceithre ionad is caoga d'ealaíona ildisciplíneacha agus spásanna taibhealaíon. Is é an ról atá againn maidir le tacaíocht a thabhairt d'ionaid tionóil ná:
- feidhmiú mar ghníomhaireacht forbartha inrochtana, a bhfuil eolas agus taithí againn ar shaincheisteanna a bhaineann le foirgnimh le haghaidh na n-ealaíon agus ar na seirbhísí agus deiseanna a bhíonn ealaíontóirí agus an pobal ag súil leo i gcás na bhfoirgnimh seo;
- a bheith inár gcomhpháirtí chun a chinntiú go bhfuil líonra ionad ealaíon atá deartha, cothaithe agus bainistithe go maith ar fud na tíre atá ábalta clár de ghníomhaíochtaí ealaíon d'ardchaighdeán a chur ar fáil a bhfuil réimse leathan agus éagsúlacht mhaith ag baint leis.