20 Eanáir
2022
Colm Tóibín (photo: Barry Cronin)
Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an painéal
roghnúcháin Colm Tóibín a fhógairt le haghaidh Laureate i gcomhair Ficsean
Éireannach 2022-2024. Cuirfidh sé tús lena théarma trí bliana an mhí seo.
Roghnaíodh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
tar éis glaoch
fairsing ar ainmniúcháin i mí Iúil 2021, agus dianphróiseas
roghnaithe, a chríochnaigh le hobair painéil
roghnaithe idirnáisiúnta faoi chathaoirleacht an Ollaimh Kevin
Rafter, Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon.
Gníomhaíochtaí Laureate
Leanfaidh an Laureate lena chuid oibre mar ealaíontóir
cruthaitheach. Ina theannta sin, thar
thréimhse trí bliana, tabharfaidh Colm Tóibín caint cheardaíochta dírithe ar
mhic léinn MA agus fochéime i ngach ceann de na hollscoileanna Éireannacha le
clár scríbhneoireachta cruthaithí agus léacht bhliantúil don phobal a scaipfear
freisin i bhfoilseachán. I 2022,
reáchtálfar an léacht bhliantúil i nGaillimh ar an 6 Samhain. Chomh maith leis
sin, beidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach páirteach i rogha
mórimeachtaí poiblí gach bliain, agus é mar phríomhchuspóir aige níos mó
rannpháirtíochta le litríocht na hÉireann a chur chun cinn agus a spreagadh.
Coimeádfaidh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
an clár poiblí, bunaithe ar théamaí agus ar thosaíochtaí a shainaithin sé. I
gcás Cholm Tóibín, díreoidh sé ar ‘The Art of Reading’ i measc rudaí eile.
Ceaptar post an Laureate ionas go gcuirfidh an Laureate féin cruth ar an ról,
amhail is atá i gcás Ollamh Filíochta na hÉireann agus Laureate na nÓg. Ceadaíonn sé seo don ealaíontóir aonair a
bheith i gcroílár an tionscadail, agus tá stair bhródúil agus fhada ag an
gComhairle Ealaíon i dtacú le healaíontóirí aonair, scríbhneoirí go háirithe.
I gcomhpháirt le Leabharlanna Éireann, cuirfidh an
Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach The Art of Reading i láthair, club
leabhar míosúil do chlubanna leabhar leabharlainne ar fud na tíre agus
curtha ar fáil ar líne do léitheoirí ó gach carn den domhan ar an Déardaoin
deiridh de gach mí.
Cuirfidh Colm Tóibín
The Art of Reading i láthair. I gcaitheamh na bliana, pléifidh an Laureate
rogha saothar le scríbhneoirí Éireannacha, ag leagadh béim ar scríbhneoireacht
Éireannach den scoth agus ag ceiliúradh an léitheora agus na gclubanna
leabhar. I gcásanna áirithe beidh
scríbhneoirí eile i láthair, chomh maith leis an Laureate, ag plé leabhar an
scríbhneora. Beidh an chéad chlub leabhar ar líne ar fáil le sruthú ón
Déardaoin an 24 Feabhra. Ar an dáta seo,
beidh Colm ag labhairt le Claire Keegan faoina leabhar Small Things Like
These.
Tugtar cuireadh do
léitheoirí, do dhaoine a bhfuil grá acu do leabhair agus do chlubanna leabhar i
ngach áit páirt a ghlacadh in The Art of Reading leis an Laureate, na leabhair
den scoth seo a léamh agus tiúnáil isteach gach mí don phlé.
Lean imeachtaí an club
leabhar The Art of Reading ar Facebook ag www.facebook.com/LaureateIrishFiction agus lean @LaureateFiction ar Twitter #TheArtofReading agus Instagram laureateirishfiction.
Ba cheart don duine aonair nó do na heagraíochtaí sin
ar mian leo cuireadh a thabhairt don Laureate chun páirt a ghlacadh in imeacht
teagmháil a dhéanamh le hAudrey Keane, Bainisteoir Tionscadail don Laureate i
gcomhair Ficsean Éireannach, ag Audrey.keane@artscouncil.ie. Mar a luadh thuas, beimid ag tacú leis an Laureate
agus é i mbun coimeádaíochta ar a chlár poiblí agus beidh sé bunaithe ar
thosaíochtaí an Laureate.