Bronnfaidh an Chomhairle Ealaíon an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach ar scríbhneoir Éireannach a bhfuil ardghradam náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige nó aici. Bainfear leas as an onóir chun litríocht Éireannach a chur chun cinn go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus chun an pobal a spreagadh le suim a chur i bhficsean Éireannach ardchaighdeáin.
Rinne an Chomhairle Ealaíon forbairt ar an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach agus tá tacaíocht á fáil ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (UCD), ó Ollscoil Nua-Eabhrac (NYU) agus The Irish Times.
Mairfidh tréimhse an Laureate ar feadh trí bliana. Le linn na tréimhse sin, múinfidh sé nó sí an scríbhneoireacht chruthaitheach do mhic léinn sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus in Ollscoil Nua-Eabhrac, caithfidh sé nó sí am ag déanamh forbartha ar a chuid saothair féin agus glacfaidh sé nó sí páirt i roinnt mórimeachtaí poiblí agus promóisean. Bronnfar €150,000 san iomlán ar an Laureate thar na trí bliana.
An próiseas ainmniúcháin
Comhordóidh an Chomhairle Ealaíon an próiseas ainmniúcháin. Beidh baint ag daoine mór le rá sa phobal liteartha, chomh maith le traidhfil eagraíochtaí náisiúnta, leis an bpróiseas freisin. Idir an 30 Iúil agus an 3 Deireadh Fómhair, iarrfar ainmniúcháin ó roinnt eagraíochtaí éagsúla - eagraíochtaí liteartha, eagraíochtaí ealaíon, leabharlanna agus clubanna leabhar ina measc - agus ó roinnt daoine a bhfuil cúlra láidir liteartha acu.
Painéal roghnúcháin
Déanfaidh painéal roghnúcháin ar a bhfuil ardmheas breithniú ar na hainmnithigh agus déanfaidh sé a chinneadh deireanach roimh an Nollaig. Cuimseoidh an Painéal Stiúrtha le haghaidh an roghnúcháin deiridh scríbhneoirí ardiomrá náisiúnta agus idirnáisiúnta agus eagarthóir ar a bhfuil clú idirnáisiúnta.
Fógrófar an Laureate i mí Eanáir 2015. Ón dáta sin go dtí an bhliain 2018, rachaidh an Laureate i dteagmháil leis an bpobal ar roinnt imeachtaí mórscála agus imeachtaí beagscála a bheidh ar siúl ar fud na tíre.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise
- Déan sinn a leanúint ar Twitter @LaureateFiction #LIF2015-18
- Cuir in iúl gur maith leat sinn ar Facebook www.facebook.com/LaureateIrishFiction
- Déan teagmháil le Jen Coppinger, Bainisteoir Tionscadail, an Laureate i gcomhair ficsean Éireannach, ag laureate.irishfiction@artscouncil.ie nó ag + 353 1 618 0200