Tá áthas ar an gComhairle Ealaíon an painéal roghnúcháin a fhógairt le haghaidh Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2022-2024. Kevin Rafter (Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon) a bheidh ina chathaoirleach ar an bpainéal. I ndiaidh an ghairm ar ainmniúcháin le linn mhíonna an tsamhraidh, déanfaidh an painéal roghnúcháin breithniú ar ghearrliosta ainmneacha agus déanfaidh siad a rogha dheiridh i mí Mheán Fómhair.
Fógrófar an tríú Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach i mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna.