Ionú na n-ainmniúchán
Meitheamh 2021
Lorgaíodh ainmniúcháin don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach 2022-2024 bunaithe ar na critéir fhoilsithe ón 3 Meitheamh go dtí 25 Iúil 2021.
D’iarramar ainmniúcháin ó:
Leabharlanna Contae
Díoltóirí Leabhar (trí Chumann na nDíoltóirí Leabhar)
Eagraíochtaí a fhaigheann maoiniú ón gComhairle Ealaíon agus a bhfuil baint acu le cúrsaí litríochta
Forais Chultúrtha Náisiúnta
Comhpháirtithe Cónaitheachta Ollscoile um Scríbhneoireacht Chruthaitheach
Fuaireamar 39 n-aighneacht ó shiopaí leabhar, ó leabharlanna contae, ó eagraíochtaí ealaíon, ó Fhorais Náisiúnta Cultúrtha agus ó chomhpháirtithe Cónaitheachta Ollscoile um Scríbhneoireacht Chruthaitheach. Ainmníodh 23 scríbhneoir le linn an phróisis
seo. Cuireadh isteach ocht n-ainmniúchán sa bhreis ag an bPainéal Gearrliostaithe. Ba scríbhneoirí iad seo a chomhlíon na critéir go suntasach agus gur cheart a bheith curtha san áireamh don ghearrliosta, dar leis an bpainéalaí agus an tuairim shaineolach
a bhí aige/aici.
Cuireadh 31 scríbhneoir aonair san iomlán i láthair don phainéal gearrliostaithe i gcomhair breithnithe.
Painéal gearrliostaithe
Mí Iúil 2021
Gaireadh painéal gearrliostaithe saineolaithe seachtrach i mí Iúil 2021. Bhí Kevin Rafter (Cathaoirleach na Comhairle Ealaíon) mar chathaoirleach air seo. Ba iad comhaltaí an choiste gearrliostaithe:
Jackie Lynham, Baile Átha Cliath Cathair Litríochta UNESCO
John Self, Léirmheastóir leabhar agus ficsin
Maria Dickenson, Stiúrthóir Bainistíochta, Dubray Books
Mary Reynolds, Leabharlannaí Contae, Contae an Longfoirt
Niall Mac Monagle, Léirmheastóir agus eagarthóir filíochta
Iarradh ar an bpainéal gearrliostaithe a saineolas agus a dtaithí a úsáid chun na hainmnithe a mheas i gcomhréir leis na critéir a foilsíodh don Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach. Sonraíonn na critéir go mbeidh na tréithe seo a leanas ag an Laureate:
Ábhar suntasach acu i dtaca le prós ficsin in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Aitheantas idirnáisiúnta a bheith faighte acu de bharr chorpas scríbhneoireachta liteartha ardchaighdeáin.
Tiomantas do cheangal a chruthú le léitheoirí.
Tiomantas a bheith léirithe aige/aici do dhul i dteagmháil leis an bpobal, leis na meáin agus le hearnáil níos leithne na n-ealaíon.
Bunaithe ar na critéir sin, chuir an painéal gearrliosta ar a raibh 8 n-ainm i dtoll le chéile.
Plé le scríbhneoirí ar an ngearrliosta
Mí Iúil 2021
Scríobh an Chomhairle chuig na scríbhneoirí uile ar an ngearrliosta, ag cur síos ar na gnéithe is suntasaí den onóir agus na freagrachtaí a théann léi, agus d’iarr sí ar na scríbhneoirí a dhearbhú cé acu an nglacfaidís nó nach nglacfaidís leis an gceapachán
dá dtairgfí dóibh é. As an 8 scríbhneoir ar an ngearrliosta, roghnaigh 4 dhuine iad féin a chur ar aghaidh i gcomhair breithnithe.
Roghnú an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
Mí Mheán Fómhair 2021
Rinne painéal idirnáisiúnta roghnúcháin an cinneadh deiridh faoin Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach bunaithe ar na critéir fhoilsithe i gcomhair roghnúcháin. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoin bPainéal Roghnúcháin Laureate Idirnáisiúnta 2022-2024
anseo.
Pleanáil do Thréimhse an Laureate
Deireadh Fómhair - Samhain 2021
Buailfidh an Chomhairle Ealaíon agus an Laureate a roghnófar le chéile chun cuntas a thabhairt ar leagan amach agus ar thosaíochtaí an chéad sé mhí de théarma an Laureate.
Fógraíodh an Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach
Fógrófar an tríú Laureate i gcomhair Ficsean Éireannach ag deireadh na bliana.