Rugadh Nick Laird i gContae Thír Eoghain in 1975. Tá trí úrscéal scríofa aige, Utterly Monkey, Glover’s Mistake, agus Modern Gods, chomh maith le ceithre chnuasach filíochta, To a Fault, On Purpose, Go Giants agus Feel Free. I measc na ngradam atá buaite aige tá Duais Betty Trask, Duais Rooney do Litríocht na hÉireann, Geoffrey Faber Memorial Prize, Duais Somerset Maugham agus ánracht Guggenheim. Cuireadh an cnuasach is déanaí uaidh, Feel Free, ar ghearrliosta ghradam TS Eliot agus Duais Derek Walcott. Is Comhalta de Royal Society of Literature é, tá sé mar chuid den fhoireann teagaisc in Ollscoil Nua-Eabhrac, agus is é Ollúnacht na Filíochta, Seamus Heaney é in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.