Ceapadh an tOllamh Kevin Rafter ina Chathaoirleach ar an gComhairle Ealaíon i Meitheamh 2019. Tá sé ina Cheann Scoile ar Scoil na Cumarsáide in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus tá sé ina údar/eagarthóir ar os cionn dosaen leabhar maidir le meáin agus polaitíocht na hÉireann. Stiúrthóir neamhfheidhmeannach neamhspleách le go leor taithí is ea Kevin, agus tá saineolas suntasach rialachais, geallsealbhóra agus cumarsáide aige, agus tá cuntas teiste láidir aige de mhaoirseacht rialála sna hearnálacha craolacháin, dlí agus airgeadais. Roimhe seo, bhí sé ina chomhalta boird ag Bus Átha Cliath, Oxfam Ireland agus Féile Ealaíon Idirnáisiúnta na Gaillimhe agus bhí sé ina Chathaoirleach freisin ar Chultúr Éireann. Faoi láthair, tá sé ina Chathaoirleach ar Choiste Comhlíonta Údarás Craolacháin na hÉireann freisin. Roimh 2008, d’oibrigh Kevin mar iriseoir polaitiúil sinsearach le The Irish Times, Sunday Times agus Sunday Tribune mar aon le bheith ina eagarthóir ar irisleabhar Magill. Chuir sé roinnt cláir shuaitheanta raidió i láthair do RTÉ, lena n-áirítear This Week, Morning Ireland agus News at One, mar aon le hoibriú mar chomhfhreagraí do Prime Time. Tá BA (Mod) agus MLitt san eacnamaíocht aige chomh maith le MA agus PhD san eolaíocht pholaitiúil, agus Dioplóma i nDlí Corparáideach agus Rialachas.