Aughty | 2012 | Físeán Digiteach 1080p HD Iomlán, Dath/Fuaim, 16:9 | 1 uair : 21 nóim : 02 soic
Agus muid ag dul isteach i dtréimhse nua dóchais mar a bhfuilimid ag súil leis an todhchaí níos gile atá romhainn, táimid ag roinnt rogha saothar ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon, faoin téama ‘Aistear na nEalaíontóirí’. Ag cur béim ar 10 saothar a rinneadh idir 1977 agus 2013 a dhéanann iniúchadh ar áiteanna gar don bhaile agus iad siúd níos faide i gcéin. Ghabh ealaíontóirí an tírdhreach i gcónaí, ó chian agus ó chóngar, agus tá súil againn go léiríonn an roghnú na tírdhreacha áille a chruthaigh ealaíontóirí in Éirinn, agus thar lear.
Anseo, insíonn Tom Flanagan agus Megs Morley, a bhfuil a saothar ar taispeáint faoin téama ‘Aistear na nEalaíon,’ níos mó dúinn faoin saothar ealaíne a bhí le feiceáil. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag instagram.com/artscouncilireland/.
Scannán is ea Aughty (2012) ina bhfiosraítear an réigiún iargúlta sléibhe thart ar Shliabh Eachtaí. Is ceantar geografach ollmhór uathúil é ceantar Shliabh Eachtaí a scaipeann thar Oirthear na Gaillimhe agus Oirthear an Chláir in Iarthar na hÉireann.
Thug Aughty an deis dúinn modh scannánaíochta a fhorbairt a bhí suíomhoiriúnaithe, rud a lig don phróiseas scannánaíochta féin a bheith ina mhodh taighde agus a lig don scannán forbairt ar aon dul le doimhniú ár gcaidrimh le ceantar Shliabh Eachtaí thar thréimhse de dhá bhliain. Lig nádúr ár bhfoirne beirte dúinn an modh scannánaíochta a fhorbairt ar shlí nach gcuirfeadh isteach ar dhaoine agus ar shlí níos pearsanta, ag brath go hiomlán ar chabhair agus ar threoir na ndaoine atá ina gcónaí i réigiún Shliabh Eachtaí.
Mar scannánóirí Éireannacha, chruthaigh na féidearthachtaí a bhain le scannán a chruthú faoi áit thuaithe in iarthar na tíre ar nós réigiún Shliabh Eachtaí roinnt dúshlán dúinn. Is é tírdhreach fíorálainn réigiún Shliabh Eachtaí an t-ardán ar a bhfuil go leor de na bagairtí agus na deacrachtaí atá roimh phobail thuaithe in Éirinn á léiriú. Ach conas a d’fhéadfaimis na saincheisteanna casta seo atá os comhair pobail thuaithe a fhiosrú agus a léiriú gan taobhanna a ghlacadh agus gan argóintí poileimiciúla a chruthú? Agus, conas a d’fhéadfaimis tírdhreach álainn tuaithe den sórt sin a scannánú gan titim isteach sna léirithe rórómánsúla de thírdhreach tuaithe na hÉireann a chuirtear i láthair rómhinic i bpictiúrlanna príomhshrutha?
De réir mar a rinneamar scannánú, thuigeamar gurbh é figiúr lárnach an scannáin an tírdhreach féin i ndáiríre. Cé nár loiceamar ligean don áilleacht fhollasach a chuir tírdhreach Eachtaí inár láthair dul isteach inár lionsa agus an scáileán a líonadh, níor theastaigh uainn gurbh í an áilleacht seo an t-aon léamh a bheadh ar an scéal. Mar atá amhlaidh le cuid mhór áiteanna in Éirinn, tá brú ollmhór éiceolaíochta, cultúrtha agus reachtaíochta ar Shliabh Eachtaí chun a mhuintir agus a thimpeallachtaí agus a ghnáthóga nádúrtha a chothú. Is amhlaidh go bhfuil an tírdhreach seo, arbh í ba mhinic an inspioráid do thraidisiúin iontacha ceoil an cheantair, faoi fhíorbhrú chun beatha, dídean agus cothú a sholáthar do mhuintir agus fiadhúlra cheantar Eachtaí.
B’ionann Aughty againne ansin, agus léiriú ar shraith chasta de chaidrimh dhénártha, áit atá cosanta, saothraithe, cothaithe, áit ar ábhar machnaimh í agus a ndéantar a taiscéaladh, ach, san am céanna, áit a bhíonn á tochailt, á nochtadh, á saothrú, áit a ndéantar faillí inti agus áit atá á tréigean. Bheartaíomar ar chur chuige breathnóireachta, neamh-insinte maidir le Aughty a chruthú. Gan tráchtaireacht, iarrann na híomhánna go ndéanfaí staidéar níos cúramaí orthu. Gan scéalaíocht, forbraítear foirm agus struchtúr an scannáin neamhspleách ar aon luach a d’fhéadfadh guth aonarach a chur leo. Mar sin féin, ní chiallaíonn sé seo gur clár faisnéise oibiachtúil é Aughty, trí sheichimh d’íomhánna atá fite fuaite ina chéile a thógáil, rianaíonn an ceamara ár dturas trí cheantar Shliabh Eachtaí, tá a fhoirm múnlaithe ag ár dtaithí shuibiachtúil agus ár dteagmháil leis na daoine agus an áit thar dhá bhliain, ag taifeadadh na gcuimhneachán teagmhasach, na ngníomhartha agus na ngothaí a tháinig chun cinn. I rith an scannáin, baintear úsáid as na seifteanna cineamatagrafaíochta den fhráma, an radharc agus an seicheamh chun tábhacht an tírdhreacha a fhiosrú agus béim a chur air do phobal Shliabh Eachtaí agus dúinne, na healaíontóirí a thugann cuairt ar an áit.
Ar ndóigh, bhí oidhreacht fhada réigiún Eachtaí ina hábhar plé, ach theastaigh uainn freagairt don tráth reatha agus comhaimseartha san áit an-speisialta seo. Tá rianta den am atá caite le feiceáil go soiléir sa tírdhreach. Sraitheanna staire, ó iomairí na bprátaí, sráidbhailte gorta, scoileanna tréigthe, carraigeacha Aifrinn agus seanbhealaí nach bhfuil in úsáid agus ar ndóigh na traidisiúin laethúla a mhaireann trí na daoine atá ina gcónaí ann. Scoite, de shíor ag cuardach, agus ag fanacht le rud éigin a ghabháil, bhí an fiagaí fianna a dhéanann suirbhéireacht agus iniúchadh ar an tírdhreach, a chuireann tús agus críoch leis an scannán, ar bhealach, b’ionann seo agus comhartha dúinne dár ról féin mar scannánóirí. Agus, beagán cosúil leis an fhia sa scannán, éiríonn le Aughty sleamhnú uainn ar bhealach éigin, ag éalú ó ghabháil, ag siúl go mall agus go suaimhneach as an radharc, agus as an scáileáin.
—Megs Morley & Tom Flanagan
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharcealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,200 saothar ealaíne ann lena n-áirítear dealbhóireacht, péintéireacht, taibhiú, clóbhualadh, físeán, suiteáin, grianghrafadóireacht agus saothair eile a bhfuil go leor acu ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann dul i ngleic le agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin.
Is ealaíontóirí a chónaíonn agus a oibríonn i bpobail na hÉireann agus go hidirnáisiúnta araon a dhéanann na saothair ealaíne a bhíonn á gcur leis an mBailiúchán gach bliain, ag leanúint ar aghaidh le stair bhródúil na Comhairle Ealaíon a cheannaíonn ealaín den scoth agus ealaín uaillmhianach, agus léiríonn sé caighdeán ollmhór an chleachtais sna hamharcealaíona sa lá atá inniu ann. Tá tuilleadh eolais ar fáil ag: www.artscouncil.emuseum.com.