Aideen Barry | ‘Possession’ | 2011 | Físeán cainéal aonair le fuaim | 6 nóim 30 soic
Leis na míonna anuas, tá sé ag éirí níos deacra do go leor dúinn idirdhealú a dhéanamh idir an baile agus an obair. Rinne ealaíontóirí a bhfuil ina láthair a thaifeadadh riamh, na háiteanna ina gcónaíonn siad agus ina n-oibríonn siad chomh maith le háiteanna daoine eile. Sa taispeántas seo táimid ag breathnú siar trí bhailiúchán na Comhairle Ealaíon agus ag roinnt saothair a rinneadh le 50 bliain anuas a dhéanann iniúchadh ar an áit a bhfuil cónaí orainn agus ina n-oibrímid.
Anseo, insíonn Aideen Barry, a bhfuil a saothar ar taispeáint faoin téama ‘An Áit a gCónaímid, an Áit a nOibrímid’, níos mó dúinn faoin saothar ealaíne atá le feiceáil agus cad is brí lena saothar ealaíne a bheith mar chuid de bhailiúcháin na Comhairle Ealaíon. Fiosraigh é seo agus tuilleadh ó Bhailiúchán na Comhairle Ealaíon ag https://www.instagram.com/artscouncilireland/
Ceapadh an obair seo ar dtús in 2011 mar fhreagairt ar thobchliseadh an gheilleagair. Bhí mé ag iarraidh machnamh a dhéanamh ar ár gcaidreamh casta le húinéireacht réadmhaoine, a bheith míchompordach agus na léirmhínithe iolracha maidir leis an bhfocal 'seilbh'. Seilbh mar atá "faoi úinéireacht", agus seilbh mar atá "a bheith gafa le" nó a bheith craiceáilte nó a bheith díshealbhaithe ag eachtra.
Ar ndóigh ní fhéadfainn a thuar riamh an chaoi a mbeadh comhbhá fadradharcach iontach ag an obair seo le cruachásanna reatha ár bpaindéime. Tá sé thar a bheith aisteach agus scáfar anois breathnú ar an saothar seo trí lionsa COVID. Is ar éigean gur tháinig muid amach as tréimhse ghéibhinn agus leis an mbagairt leanúnach go ceann eile díreach amach romhainn, is cosúil go n-éiríonn iompraíocht an phríomhcharachtair agus a chaidreamh leis an spás baile, leimhe na maireachtála iargúlta, ina chineál meascán mearaí a d’fheicfeá i saothar Beckett.
Tá sé deacair a chur in iúl cé chomh tábhachtach agus atá sé saothar mar seo a bheith i mbailiúchán na Comhairle Ealaíon. Ní hamháin gur bailiúchán mór le rá é chun an saothar a thaispeáint ann, ach tugann sé deis an saothar a chur i láthair i dtionscadail choimeádaithe amhail an ceann seo a thugann comhthéacsanna nua agus ábharthacht nua dó, rud a choinníonn an saothar úr agus saor ón zeitgeist ar ndóigh.
—Aideen Barry
Tá an Chomhairle Ealaíon ag ceannach ealaín ó ealaíontóirí reatha ón mbliain 1962 anuas. Forbraíodh an Bailiúchán ó shin agus insítear scéal amharc-ealaín nua-aimseartha agus chomhaimseartha na hÉireann ar bhealach uathúil agus spéisiúil ann dá bharr. Cuirtear leis an mBailiúchán fós sa lá atá inniu ann, agus níos mó ná 1,100 pictiúr, dealbh agus saothar eile ar taispeáint i spásanna poiblí ar fud na hÉireann ionas go mbeidh daoine in ann taithí a fháil air agus taitneamh a bhaint as an ealaín lena súile féin. Tá tuilleadh eolais ar: www.artscouncil.emuseum.com